Samhlaigh a dheacra is a bheadh sé scannán a dhéanamh faoi Donald Trump

Tá 91 cúis coiriúil ar fad curtha in aghaidh an iar-uachtaráin, cúiseanna a bhféadfadh 700 bliain príosúin a bheith mar thoradh orthu dá gciontófaí é

Samhlaigh a dheacra is a bheadh sé scannán a dhéanamh faoi Donald Trump

Ní duine mise a thuigeann ceird an drámadóra cé is moite go mbíonn gníomhartha agus radharcanna sa dráma agus go mbíonn pearsana nó aisteoirí le roghnú. Bíonn na príomhphearsana ann agus tacaíocht acu ó na pearsana tánaisteacha. Bunaíonn lucht na scannán a gcuid saothar ar obair na ndrámadóirí nó na n-úrscéalaithe. Ach cuimhnigh ar an té a gcuirfear an cúram air nó uirthi an dráma nó an script teilifíse faoi eachtraí Trump a chur i dtoll a chéile.

Faoin tráth seo tar éis an cheathrú díotchúiseamh ina éadan, ag Ard-Ghiúiré in Fulton i Stát Georgia,  tá 91 cúis coiriúil ar fad curtha in aghaidh an iar-uachtaráin, cúiseanna a bhféadfadh 700 bliain príosúin a bheith mar thoradh orthu dá gciontófaí é. Tá líon na bpearsan a bheidh ina theannta sa dráma ag méadú de réir an lae freisin –18 sa gcáipéis is déanaí a bhfuil 97 leathanach inti. Tá dhá chineál cúise tugtha in aghaidh an Uachtaráin Trump – cúiseanna a bhaineann le stáit ar leith i Nua-Eabhrac agus i Georgia, agus cúiseanna a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ina n-iomláine in Washington DC agus in Florida. Sin iad na cúiseanna a chuir an t-abhcóide speisialta Jack Smith ina aghaidh.

Cén phearsa is tábhachtaí a bheidh sa scannán cé is moite de Trump féin? A dhlíodóir pearsanta Rudi Giuliani? An t-abhcóide Jack Smith, cé gur fear é a bhíonn ar bheagán focal? Stormy Daniels a deir go bhfuair sí íocaíocht rúnda uaidh? Michael Cohen a dheimhnigh an íocaíocht sin agus a bhfuil seal caite aige i bpríosún mar thoradh ar a chuid oibre do Donald Trump? Fani Willis, an t-ionchúisitheoir i Georgia a bhfuil dhá bhliain caite aici ag iarraidh cás daingean docht in aghaidh an iarUachtaráin a chur le chéile? E Jean Carroll a deir go ndearna Donald Trump clúmhilleadh uirthi?

Ó thús mhí Eanáir seo chugainn, beidh cásanna cúirte in aghaidh an iar-uachtaráin agus réamhthoghcháin de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh ar siúl ag an am céanna. Go deimhin beidh an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí don ainmniúchán ar siúl i Milwaukee anocht.

Ochtar a bhfuil na coinníollacha comhlíonta acu le bheith páirteach sa díospóireacht sin – ní bheidh Trump i láthair.

Amárach a deir Trump, a thabharfaidh sé é  féin suas do na húdaráis in Georgia.

Caolseans go bhfaighidh aon duine de na hiarrthóirí eile páirt sa dráma nó sa scannán atá faoi mheas agam.

I ndeireadh an lae braithfidh déanamh an scannáin nó scríobh an dráma go mór mór ar uimhir amháin. Uimhir a haon – fear amháin a bhfuil oifig amháin á lorg aige in athuair agus pobal amháin a bhfuil an chuma orthu go bhfuil muinín acu i gcónaí ina theachtaireacht.

Fág freagra ar 'Samhlaigh a dheacra is a bheadh sé scannán a dhéanamh faoi Donald Trump'