SAM tarraingthe siar ó mhargadh leis an Iaráin ag Trump

Deir Donald Trump ‘gur léir’ dó nach bhféadfaí cosc a chur ar an Iaráin buama núicléach a thógáil faoin gcomhaontú ‘lofa’ atá faoi láthair ann

SAM tarraingthe siar ó mhargadh leis an Iaráin ag Trump

Tá ráite ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go bhfuil faoi tarraingt siar ón margadh núicléach leis an Iaráin.

Dúirt Trump “gur léir” dó nach bhféadfaí cosc a chur ar an Iaráin buama núicléach a thógáil faoin gcomhaontú “lofa” atá faoi láthair ann.

Tá sé i gceist anois go gcuirfeadh Meiriceá smachtbhannaí eacnamaíochta agus eile i bhfeidhm ar an Iaráin.

Dúirt Trump gurb amhlaidh gur “i ndánaíocht” a bhí an Iaráin ag dul maidir lena “bhfíoch fola”.

“Ba mhargadh uafásach aontaobhach é seo nár cheart a dhéanamh riamh. Níor thug sé leis aon suaimhneas ná síocháin agus ní thabharfaidh go deo,” a dúirt Trump tráthnóna.

Meastar go gcothóidh fógra Trump teannas mór idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha san Eoraip, a bhfuil fúthu cloí leis an margadh leis an Iaráin.

Dúirt Uachtarán an Aontais Eorpaigh Donald Tusk tráthnóna go mbeadh “cur chuige aontaithe” ag baill an Aontais maidir le cinneadh Trump.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emannuel Macron gur “údar imní” fógra Trump.

Gheall Trump le linn a fheachtais toghchánaíochta go gcuirfeadh sé deireadh leis an margadh leis an Iaráin, margadh atá “lochtach go smior”, dar leis.

Fág freagra ar 'SAM tarraingthe siar ó mhargadh leis an Iaráin ag Trump'