Sáinn Stormont – leis na páirtithe an imirt agus a bplean fuascailte foilsithe ag an dá rialtas

Tá moltaí réitigh go leor ag an dá rialtas ar na cruacheisteanna ba chúis leis an tsáinn pholaitiúil trí bliana

Sáinn Stormont – leis na páirtithe an imirt agus a bplean fuascailte foilsithe ag an dá rialtas

Thug an Tánaiste, Simon Coveney agus Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith taispeántas láidir aréir ag seoladh a bplean do chomhréiteach chun Stormont a athnuachan.

Níor léir fós ar chaithréim a bhí á fógairt acu tar éis trí bliana de pharailís nó an raibh siad ag dul sa seans. Mheabhraigh se dúinn an cleas a bhíodh ag Tony Blair roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta nuair a dhéanadh sé achainí ar an bpobal brú a chur ar na páirtithe.

Sheol an Státrúnaí Julian Smith litir freisin chuig Spéicéir an Tionóil, Robin Newton ag iarraidh air cruinniú de na Teachtaí tionól a ghairm inniu, Dé hAoine. D’impigh sé féin agus an Tánaiste ar na páirtithe a bheith i láthair le dhul i mbun oibre chun rialtas díláraithe a athbhunú. Chuir Smith leis an mbrú ar na páirtithe nuair a d’fhógair sé go ndúirt ceardchumainn na seirbhíse sláinte leis go gcuirfí a stailc ar ceal dá gcuirfí deireadh leis an tsáinn pholaitiúil agus an bealach a réiteach chun a n-éilimh a shásamh. Gealladh airgead mór, na billiúin punt, a deirtear, chun a dhul i ngleic leis na fadhbanna sa chóras sláinte agus sa chóras oideachais agus chun tabhairt faoi réimsí eile a ndearnadh faillí iontu nuair a bhí Feidhmeannas ann cheana.

Ní miste ag an tráth seo scagadh a dhéanamh ar na moltaí réitigh ar na cruacheisteanna ba chúis leis an tsáinn pholaitiúil trí bliana. Tá lear mór ábhar faoi chaibidil sna 62 leathanaigh sa cháipéis New Decade, New Approach agus é sách deacair a dhéanamh amach uaireanta an bhfuil téagar iontu go léir nó an láidre blas na bréagchráifeachta uathu.

Ní bheathaíonn na briathra…

Mura gcuirtear moltaí mar seo ar bhonn reachtúil ní fiú mórán iad agus go dtí go gcuirfear beidh se deacair a luach a mheas.

B’iad an t-éileamh ar acht Gaeilge, an riachtanas maidir leis an achainí chásmhaireachta, nó an veto, a leasú agus ceist bhuanseasmhacht na n-institiúidí na constaicí roimh athbhunú an fheidhmeannais nuair a bhí dréachtmhargadh cheana ann i mí Feabhra 2018. Beidh go leor le foghlaim nuair a gheobhaimid deis amach anseo comparáid a dhéanamh idir na moltaí is deireanaí agus an dréacht-réiteach a sceitheadh dhá bhliain ó shin. Thug an DUP an t-eiteachas don mhargadh an uair sin ach b’iad an chéad pháirtí a ghlac leis an gcáipéis reatha.

Níl acht Gaeilge per se i New Decade, New Approachach tá aitheantas oifigiúil le fáil ag an nGaeilge agus ah an Ultais agus ceapfar coimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais – comhionannas chun an cúrsa a éascú don DUP cé gur dhúirt aontachtach amháin liom aréir nár iarr aon duine ón bpobal sin a leithéid. Céim an-tábhachtach dar le an-chuid Gaeilgeoirí is ea é go gcuirfí ar ceal an reachtaíocht ó 1737 a chuir cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna. Sa mhír sa cháipéis dár teideal ‘Cearta, Teanga agus Féiniúlacht’ deirtear go ndearbhófaí ceart dúchais gach duine i dTuaisceart Éireann go n-aithneofaí é nó í mar Éireannach, Briotanach nó an dá rud. Is cosúil nach ionann sin agus an ceart dleathach ar shaoránacht Éireannach a gheall Comhaontú Aoine an Chéasta ach ar thóg cás Emma de Souza agus a céile ceisteanna ina leith.

Moltar teorannú ar úsáid na hachainí cásmhaireachta ach seans nach bhfuil na leasuithe chomh huileghabhálach agus ba mhaith le formhór na bpáirtithe. Ní raibh sé i gceist ariamh gur veto a bheadh ann ag dream ar bith a raibh na huimhreacha acu lena úsáid – 30 Teachta – ach sin mar a bhí  idir 2007 agus 2017. Níl aon athrú ar líon na dTeachtaí is gá chun an achainí a dhéanamh, ach ‘tá na páirtithe aontaithe’ nach mbainfear leas aisti ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Cuirfear rialacha nua i bhfeidhm trí reachtaíocht nó orduithe reatha a deir an cháipéis. I bhfianaise na staire, tá a fhios ag cait an bhaile go gcaithfeadh bac reachtúil a bheith ar mhí-úsáid an veto Stormont.

Ceist íogair don DUP ab ea cumas páirtí amháin an Feidhmeannas agus an Tionól a chur dá chois. Theastaigh forálacha uathu chun buanseasmhacht a chinntiú. Dá réir sin, moltar athrú ar na rialacha i dtaca le héirí as oifig an Chéad-Aire/ LeasChéad-Aire. In ionad toghchán a bheith riachtanach taobh istigh de shé seachtaine i ndiaidh éirí as na bpríomhairí, moltar síneadh ama suas le 18 seachtain eile a cheadú chun Aire a thoghadh nó toghchán a ghairm ina éagmais.

Ta an-chuid moltaí i bplean na rialtas do bheartais a bheadh mar sciath chosanta in aghaidh an sórt droch-chaidrimh agus mímhuiníne a bhí follasach sular thit Stormont trí bliana ó shin. Orthu sin tá grúpa nó coiste a dhéanfadh monatóireacht ar easaontais agus údair aighnis, coiste Breatimeachta agus coiste a chuirfeadh leasuithe i bhfeidhm chun na lochtanna a léirigh scannal an RHI a sheachaint nó a chosc. Thairis sin moltar athruithe ar an gcód iompair d’airí agus córas chun na rialacha iompair agus dea-chleachtais a chur i bhfeidhm.

Ta gá le gach ceann acu, agus tuilleadh seans.

Fág freagra ar 'Sáinn Stormont – leis na páirtithe an imirt agus a bplean fuascailte foilsithe ag an dá rialtas'