Sa mbliain 1969 chuaigh an scéal faoi Ollphéist Chonamara ar fud na tíre

Is dócha gurbh iad na tuairiscí faoi Uilebheist Loch Nis in Albain a spreag an scéal faoi ollphéist a bheith i gConamara

Sa mbliain 1969 chuaigh an scéal faoi Ollphéist Chonamara ar fud na tíre

Níl fhios agam an gcuimhníonn mórán daoine anois ar an am a ndearnadh scéal mór d’ollphéist a bhí ceaptha a bheith i dtuaisceart Chonamara. Sa mbliain 1969 chuaigh an scéal ar fud na tíre agus chuir na meáin chumarsáide an-spéis ann.

Cuireadh tuairisceoirí anoir as Baile Átha Cliath le fiosrúchán a dhéanamh. Chuir RTÉ an sárchraoltóir Cathal O’Shannon chugainn. Ní raibh aon toradh ar an gcuardach ar fad.

I Loch Fada i mbaile Dhoire Mhic Reoin a bhí an t-arrachtach seo comhairthe a bheith. Níl an loch sin i bhfad as Baile na hInse. An bhféadfadh sé gurbh í an ollphéist a bhí i gceist ag an bhfile a chum an t-amhrán faoi Eascann Bhaile na hInse?

‘S tá eascann i mBaile na hInse agus is binne í faoi thrí ná an chuach,

Nuair a thosaíonn sí ag feadaíl san oíche, cloistear í naoi míle ó thuaidh,

‘Gus fear as Doire Fhada a chuaigh síos is ní fhaca sé ach binn dhá cluais,

‘Sé m’fhaitíos go ndéanfaidh sí mísc, ach go sábhála Críost Seán Rua.

Ó, chonaic mé a heite is a droim, a drioball is rian dá ceann,

Ba mhó í na Cnoc Ros a’Mhíl ‘s ná an Cillín aríst taobh thall,

Nuair a chonaic sí mise taobh thuas dhi, ‘s chaith sí naoi n-uaire an chéim,

Óra, ghearr mé an chroch chéasta ar mo ghrua agus choisric Seán Rua é fhéin.

Is dócha gurbh iad na tuairiscí faoi Uilebheist Loch Nis in Albain a spreag an scéal faoi ollphéist a bheith i gConamara. Uilebheist an focal Gaidhlig ar ollphéist.

I mBeatha Naomh Colmcille a scríobh Adhamhnán atá an chéad tagairt d’Uilebheist Loch Nis. Ní i Loch Nis féin a bhí sí in aimsir Cholmcille má b’fhíor ach in Abhainn Nis.

Dúirt Adhamhnán go raibh Colmcille i dtír na gCruithneach agus gur tháinig sé ar dhream a bhí ag adhlacadh fir le hais na habhann. Dúirt na Cruithnigh gur ag snámh san abhainn a bhí sé nuair a d’ionsaigh arracht é. Shíl siad é a shábháil i mbád ach tharraing an t-arracht an fear faoin uisce.

Chuir Colmcille duine dá lucht leanúna ag snámh trasna na habhann ansin. Tháinig an ollphéist ina threo ach chroch Colmcille a lámh, rinne sé comhartha na croise agus ar seisean: “Ná téigh níos faide. Ná drann leis an bhfear sin. Cúlaigh go beo.” Chúlaigh an ollphéist láithreach.

Míorúilt a bhí ann go cinnte, a dúirt na Cruithnigh.

An dream a chaitheann amhras ar scéalta den tsórt seo deir siadsan gur minic ollphéisteanna luaite san naomhsheanchas. Ina theannta sin aríst bhí seanscéal ag na Gaeil faoi Chaoránach agus an Ollphéist.

Maidir le heascann Bhaile na hInse dúirt an seanchaí mór as an gCoillín, Carna, Páraic Mac an Iomaire leis an mbailitheoir béaloidis Liam Mac Coisdealbha go bhfaca fear as áit a dtugtar Imleach Dhá Rú air an eascann lá agus é ag siúl ar bhruach an locha.

Bhí sí san ainmhéid agus thit sé i lagar le faitíos, a dúirt Páraic.

Dúirt sé freisin go bhfuil droichead mór go maith ar an abhainn a dtugann siad Droichead Aibhne Móire air agus gur fhág sí ramallae sleamhnach a bhíos taobh amuigh ar chraiceann na heascainne ar an mballa ar chaon taobh den droichead sin.

Fág freagra ar 'Sa mbliain 1969 chuaigh an scéal faoi Ollphéist Chonamara ar fud na tíre'

  • Carraig53@protonmail.com

    Agus maíonn tú nach bhfuil aon ollphéist i gConamara anois!?