Rud éigin difriúil faoi Luimneach agus Corcaigh cloíte acu i mBliain na hIomána 2018

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Bhí cluiche taibhsiúil eile ann i gcraobh iomána na hÉireann inné, cluiche inar léirigh Luimneach athuair an mianach agus an spiorad atá iontu

Rud éigin difriúil faoi Luimneach agus Corcaigh cloíte acu i mBliain na hIomána 2018

Cluiche leathcheannais na hÉireann: Luimneach 3-32 – 2-31 Corcaigh (i ndiaidh am breise)

Tá Luimneach cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2007 agus gan aon chuimhneamh is cosúil ag Déithe na fuinseoige deireadh a chur go fóill le hiontais chraobh iomána na bliana 2018.

Beirt fhear ionaid a fuair na cúil sa dara leath d’am breise a d’fhág go mbeidh deis ag Luimneach ar an 19 Lúnasa craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair le 45 bliain.

Ach ní raibh i sárphoc éirice Shane Dowling agus lab ealaíonta Pat Ryan ach buaic scéal taibhsiúil iomána a mhair os cionn 100 nóiméad.

Ba í an chomhairle neamhbhalbh a bhí ag bainisteoir Luimnigh John Kiely do na meáin i ndiaidh na sárchoimhlinte seo ná fanacht glan ar a gcuid imreoirí as seo go ceann trí seachtaine. Agus é faoi agallamh amuigh ar an bpáirc díreach i ndiaidh na himeartha, d’impigh Shane Dowling ar lucht tacaíochta Luimnigh gan ligint don bhfuilibiliú cur isteach ar na himreoirí agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann.

Ráineodh go bhfuil fiontraí seiftiúil éigin cois Sionainne agus na t-línte ‘Shane Dowling Says Relax’ á ndearadh cheana féin aige.

Is fearr a thuigtear i Luimneach ná i mórán contaetha eile an baol a bhaineann le deimhin a dhéanamh de do dhóchas, ach pé is áin nó nach áin leo é, is iad Luimneach scéal mór an tsamhraidh go dtí seo.

Agus 62 nóiméad caite i gcluiche an lae inné bhí cuma éagsúil ar fad ar chúrsaí. Ba dhóigh leat an t-am sin gur thuras in aisce eile go dtí Páirc an Chrócaigh a bheadh ann dóibh agus go mbeadh scéal brónach eile á chíoradh ag a lucht leanúna fadaraíonacha ar an mbóthar abhaile.

Bhí dhá phointe as a chéile faighte ag Corcaigh, ceann ó Luke Meade agus ceann ó Darragh Fitzgibbon, a bhí ar fheabhas inné, agus bhí bearna sé phointe anois idir na foirne den dara huair sa dara leath. Bhí troid righin á déanamh ag Luimneach ó fuair Conor Lehane sárchúl sa 52ú nóiméad, ach dhealraigh sé anois go mbeadh fuar acu.

Cúl ag Conor Lehane in ainneoin iarrachtaí Richie English ©INPHO/Tommy Dickson

1-26 in aghaidh 1-20, ocht nóiméad fágtha agus uaisle na hiomána ag déanamh ar cheann scríbe. An seanscéal céanna agus meirg air ag Luimneach. Cuid mhór foghlamtha acu ach iad ró-óg go fóill. Taithí níos mó ag Corcaigh. Beidh lá eile acu.

’Sea, bhí na leithscéalta á gcumadh arís agus na liodáin á léamh os a gcionn ag lucht an chreidimh bhig.

Sna chéad deich nóiméad eile, fuaireadar seacht bpointe as a chéile –ceithre phoc saor agus ceann ón imirt ó Aaron Gillane, agus ceann an duine ó Dowling agus Kyle Hayes. Faoi dheireadh ag brath ar phoc saor iontach ó Pat Horgan ar bhuille an 74ú nóiméad a bhí Corcaigh chun comhscór a fháil.

Beidh cúiseanna aiféala go leor ag Corcaigh nuair a fhéachann siad siar ar na deich nóiméad deireanach sin den dara leath, ach seans gurb é a luathlámhaí is atá báideoir Luimnigh Nickie Quaid is mó a bheidh á chásamh acu. Agus na foirne cothrom sa 72ú nóiméad dhein fear Eiffin bloc míorúilteach chun iarracht ar chúl ó chaptaen Chorcaigh Séamus Harnedy a stop.

Ba mhó an t-údar aithreachais a bhí ag Luimneach ag leatham, b’fhéidir. D’fhág cúl breá Chian Lynch sa 36ú nóiméad, an chéad chúl ag Luimneach i gcoinne Chorcaí sa chraobh le 14 bliain, go rabhadar pointe chun tosaigh agus iad ag triall ar an seomra feistis, ach bhí dhá dheis iontach eile ar chúil ag Aaron Gillane roimhe sin. Faoi dhó a chaill sé a chamán agus gan ach Anthony Nash os a chomhair amach agus faoi dhó a theip air an sprioc a aimsiú leis an mbróg.

Bhí ag éirí go maith luath sa chluiche le cur chuige Luimnigh agus pasanna fada á gcur isteach acu go dtí na tosaithe istigh. Bhíodar dhá phointe, 0-7-0-5, chun tosaigh tar éis ceathrú uaire nuair a fuair Séamus Flanagan pointe i ndiaidh do Kyle Hayes a leithéid de phas fada a sheoladh chuige.

Fuair Corcaigh na chéad trí phointe eile, áfach, agus ba in olcas a chuaigh caighdeán an tsoláthair do thosaithe Luimnigh ar feadh seala. Bhí feabhas tagtha ar líne leathchúil Chorcaí chomh maith agus léiriú air sin ab ea an pointe a fuair Christopher Joyce, a raibh an lámh in uachtar á fáil anois ar Hayes aige, sa 24ú nóiméad. Ach bhláthaigh Graeme Mulcahy le linn na tréimhse seo chomh maith  agus chinntigh na trí phointe den scoth a fuair sé in imeacht trí nóiméad go raibh na foirne gob ar ghob agus leatham ag teannadh linn.

B’in mar a bhí an lá ar fad ag Luimneach. Nuair ba mhó an gátar chuirfeadh duine éigin cos i bhfeac agus thabharfaidís dúshlán Chorcaí. Bhí Mulcahy, Gearóid Hegarty agus, gan amhras, Gillane ina measc siúd is mó a sheas an fód.

Bill Cooper, Corcaigh, agus Peter Casey, Luimneach ©INPHO/James Crombie

Cé nárbh é an cluiche ab fhearr a bhí riamh aige, bhí Kyle Hayes go mór sa treis chomh maith nuair a bhí an lasóg sa bharrach i gceart, agus cé go raibh Declan Hannon agus a chomhghleacaithe sa líne leathchúil faoi bhrú mór ó Lehane, a fuair 2-3, Daniel Kearney agus Fitzgibbon, dheineadar a gcion nuair ba ghéire an gá.

Mar sin féin, beidh siad buíoch go raibh an líne lánchúil, agus Richie English go háirithe, chomh maith sin inné. Ba mhór an gaisce é ag Seán Finn, Mike Casey agus English naoscairí Chorcaí, Shane Kingston, Séamus Harnedy agus Pat Horgan, a fhágaint i dtaobh le seacht bpointe ón imirt eatarthu.

B’iad taispeántais na bhfear ionaid, áfach, is fearr a léirigh spiorad agus mianach Luimnigh agus ba é Dowling an cíoná acu. 2-06 a fuair ionadaithe John Kiely, pointe amháin a fuair fir ionaid Chorcaí.

Fuair Dowling féin 1-04, ag áireamh an poc éirice diamhair sin sa dara leath d’am breise a sheol Luimneach ar bhóthar a leasa, poc éirice a ghnóthaigh sé féin i ndiaidh do Mark Ellis stop a chur go calaoiseach lena ruathar.

Dúirt Kiely i ndiaidh an chluiche gur bhraith sé ar fhear na bPiarsach nach raibh aon chuimhneamh aige Páirc an Chrócaigh a fhágáil inné gan an bua a bheith faighte ag Luimneach, agus bhí tine ar a chraiceann ó cuireadh chun páirce é sa 56ú nóiméad go dtí gur chuir sé clabhsúr ar an bpíosa cainte spreagúil sin inar impigh sé ar mhuintir Luimnigh an ‘hype’ a choimeád chucu féin.

Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag leatham in am breise, 1-30 in aghaidh 1-29, ach ba mhó an t-anam a bhí in imirt Luimnigh agus fuadar faoi leithéidí Dowling, Ryan agus Peter Casey.

Is é an mana atá ag an bhfoireann óg seo as Luimneach ó thús na bliana ná nach ionann iad agus na foirne eile ar fad a chuaigh rompu.

Ní bhaineann a bhfuil de scéalta truamhéalacha in annála na hiomána i Luimneach leosan, a deir siad. Is amhlaidh go bhfuil fúthu a gcuid féin a dhéanamh den stair.

Tagann a leithéid de chaint neafaiseach go maith chuig imreoirí an lae inniu a chloíonn go docht le pé script a ullmhaítear dóibh, ach tá fuaimint i gcaint na n-imreoirí óga seo ó Luimneach mar go bhfuil beart de réir a mbriathair déanta acu arís is arís eile.

Léiríodar athuair inné gur fíor go bhfuil rud éigint difriúil faoi Luimneach i mbliana, Bliain na hIomána 2018.

Agus níl aon bhaint aige le ‘hype’ ach oiread.

Fág freagra ar 'Rud éigin difriúil faoi Luimneach agus Corcaigh cloíte acu i mBliain na hIomána 2018'

  • tara

    sárchluiche

  • Carraig

    ‘chaill Aaron Gillane a chamán’ ….sin cleas atá ag an lúbaire/naoscaire/sáriománaí seo agus ní thuigim cén chaoi a bhfaigheann sé away leis chomh minic sin. Ach an mó scór a d’aimsigh sé lena chois go nuige seo sa chomórtas? Cos atá chomh cam le hadharc reithe is baolach….ach b’fhéidir go ndíreoidh sí fós! Beidh an ghaoth i seolta na Luimníoch anois agus iad amuigh chuige. Go n-éirí leo.