Tá Ruairí Ó Néill ceaptha i gceann de na ceithre phost is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta.
Tá Ó Néill, a bhfuil cónaí air i gCois Fharraige i nGaeltacht Chonamara, ceaptha mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.
Beidh cúram na rannóga airgeadais, maoine, acmhainní daonna agus dlí air agus dúradh go leanfadh Ó Néill freisin leis an obair atá ar bun aige i réimse na hintleachta saorga.
Tagann sé i gcomharbacht ar Cholm Ó Coisdealbha, atá imithe ag obair sa Roinn Caiteachais Phoiblí.
Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus suas le €135,000 a bhí luaite leis an bhfolúntas.
Dúirt Ruairí Ó Néill go raibh sé “ag súil go mór” leis “an dúshlán” a bhainfeadh lena phost nua agus leis an teicneolaíocht agus an intleacht shaorga “a úsáid chun feabhas a chur ar sheirbhísí agus forbairt na Gaeltachta”.
“Creidim go láidir gur féidir linn nuálaíocht a úsáid chun ár bpobail Ghaeltachta a neartú agus a fhorbairt,” a dúirt sé.
Bhí sé ina Bhainisteoir Tograí san Údarás roimhe seo agus bhí sé ina Bhainisteoir Réigiúnach an Iarthair san eagraíocht ó 2019 go 2022.
Tá sé ina bunaitheoir ar an gcomhlacht Solar Structures a bhíonn ag plé le bealaí nua le painéil ghréine a chur in áiteanna éagsúla.
Thug sé os cionn deich mbliana ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhar Creidmheasa Cholm Cille agus d’oibrigh sé freisin mar chomhairleoir sinsearach le Deloitte.
Rinne Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, comhghairdeachas leis as a cheapachán.
“Tá taithí fhairsing ag Ruairí i rólanna sinsearacha in earnálacha éagsúla, mar chomhairleoir, ceannasaí airgeadais, príomhfheidhmeannach agus mar fhiontraí.
“Beidh ról lárnach aige i dtreisiú dhigitiú na heagraíochta a bheidh mar bhunchloch d’fhorbairtí fud fad na Gaeltachta, don teanga, do na pobail éagsúla agus aghaidh á tabhairt ar ré na hintleachta saorga.”
Fág freagra ar 'Ruairí Ó Néill ceaptha i gceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta'