Is aoibhinn leis an Saoithín Aeráide bláthanna chomh maith leis an gcéad duine eile, ach diúltaíonn sé iad a cheannach.
Tharla gur tháinig an Saoithín ar an saol i gceann de na bailte is mó a bhfuil cáil orthu san Ísiltír maidir le fás tiúilipí, lilí, magairlíní agus bláthanna ard-díola eile, agus ó chéad fuair sé boladh gliofosáite (nó Roundup, mar is fearr aithne uirthi) ar an aer agus é ina ghasúr – an fhiailnimh sin á spraeáil go flaithiúil ar a gcuid tiúilipí ag na comharsana béal dorais – tuigeann sé cé chomh dona agus atá tionscal na mbláthanna don timpeallacht. Tá an boladh céanna chomh lofa sin go dtagann scornach nimhneach(!) ort ar an bpointe boise agus go dtugann sé ort éirí as pé rud a bhíonn ar siúl agat taobh amuigh, dul isteach faoi dheifir agus na doirse agus na fuinneoga a dhúnadh.
Dar leis na heolaithe, tá ceangal idir an ghliofosáit agus galair Alzheimer agus Parkinson, agus dar leis an eagraíocht dhomhanda sláinte (WHO) tá sé ‘nach mór cinnte’ go bhfaigheann daoine bás le hailse dá bharr. Tá a fhios ag lucht fásta na mbláthanna é sin freisin agus tá a fhios acu go rímhaith go bhfuil na trí ghalar sin an-choitianta sa cheantar – tá Alzheimer ar mháthair an tSaoithín féin, tá Parkinson ar dhuine de na comharsana béal dorais agus tá ailse ar bheirt bhan trasna an bhóthair faoi láthair – ach coinníonn siad orthu ag spraeáil mar a bheadh Dia á rá leo. ‘Iriseoirí a chumann na scéalta sin’ a deir comharsa amháin atá i mbarr a shláinte, bail ó dhéithe na mbláthanna air, fear a bhfuil a fhios aige go maith gur iriseoir atá sa Saoithín Aeráide.
Ní hiad lucht fásta bláthanna (agus feirmeoirí eile) amháin a deir nach bhfuil aon dochar sa ghliofosáit. Bliain go leith ó shin, chinn Coimisiún na hEorpa go gceadófar úsáid na nimhe conspóidí céanna san Aontas go ceann deich mbliana eile.
Ní hé nimhiú an phobail áitiúil, an fhiadhúlra agus na hithreach amháin an chúis go ndiúltaíonn an Saoithín Aeráide bláthanna a cheannach – agus gur chóir d’éinne a bheadh buartha faoin athrú aeráide agus faoi chúrsaí timpeallachta déanamh amhlaidh.
– I dtithe gloine a fhástar mórchuid bhláthanna ard-ráchairte, agus tiúilipí go háirithe. Ní hamháin go sceitear go leor CO2 san aer agus na tithe gloine sin á dtéamh, ach bíonn truailliú solais millteanach uathu san oíche, loinnir oráiste a chuireann isteach ar bhithrithim an fhiadhúlra.
– Truailliú fuaime: ní rithfeadh sé leat, ach i lár na hoíche a bhailítear bláthanna iomráiteacha na hÍsiltíre, ionas go mbeidh siad ag an gceant i mbaile Aalsmeer, in aice le haerfort Schiphol, an chéad rud ar maidin. Sruth seasta leoraithe a chuireann isteach ar chodladh daoine agus ainmhithe araon an toradh.
– Toisc go sleabhcann bláthanna go sciobtha, ar eitleáin a dhéantar an chuid is mó acu a onnmhairiú seachas ar leoraithe nó ar an traein, agus sceitear níos mó CO2 fós san aer dá bharr.
– Ar éigean a chuimhneofá air seo, ach tá an ithir ghainmheach ina bhfástar tiúilipí iomráiteacha na hOllainne ar chuid den ithir is torthúla san Eoraip agus d’fhéadfaí glasraí a fhás inti, mar a dhéantaí fadó, seachas stuif nach féidir a ithe.
Gan dabht, bhí dlúthcheangal idir an tiúilip agus an tsaint riamh. Ba í an tiúilip ba chúis leis an gcéad ollchliseadh stocmhargaidh i stair na cruinne – an bhfaca éinne an scannán Tulip Fever? Maidin inniu féin agus an Saoithín ag breathnú ar an nuacht, bhí scéal faoi phraghsanna na dtiúilipí sna ceannlínte: íoctar suas go €1.50 an ceann orthu ag an gceant in Aalsmeer, rud a fhágann go mbíonn suas go €12 ar chrobhaing acu sa siopa bláthanna. Spéisiúil go leor, de réir na tuairisce céanna, is cosúil gur Lá Idirnáisiúnta na mBan, chomh maith le Lá le Vailintín, is cúis leis go bhfuil an t-éileamh ar bhláthanna de shíor ag ardú – fianaise, seans, nach dtuigeann mórán fear céard atá i gceist le Lá Idirnáisiúnta na mBan ar chor ar bith.
Ina dhiaidh sin uilig, tuigeann an Saoithín Aeráide an luach siombalach a bhaineann le bláthanna, agus is maith leis féin glac acu a thabhairt leis agus é ag dul ar cuairt chuig cairde nó gaolta. Ach tá réiteach faighte aige. Fásfaidh sé a chuid féin i mbliana: poipíní, gormáin, lusanna gile agus bláthanna fiáine eile nach iad, i gcúinne den ghairdín a bhí faoi fhéar go dtí arú inné ach a bheidh ina cheapach ildaite feasta, saor ó nimh agus truailliú solais agus fuaime.
Carraig
An luch mór a chacann ar a nead féin…agus an duine.
Níor mhaith liom deoch uisce a ól as buacaire sa cheantar sin.