Rosenstock agus Ní Ghlinn i measc na mbuaiteoirí ag Gradam Leabhar na Bliana CBI

Bronnadh duaiseanna ar Daideo agus Haiku Más é do thoil é! sa Light House Cinema i mBaile Átha Cliath ar maidin

Rosenstock Ní Ghlinn

Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Leabhar na Bliana CBI sa Light House Cinema i mBaile Átha Cliath inniu. Ina measc siúd ar bronnadh gradaim orthu, tá Áine Ní Ghlinn agus Gabriel Rosenstock.

Gradam Onórach le haghaidh Ficsin an duais a bronnadh ar Áine Ní Ghlinn as a leabhar Daideo. Dúirt na moltóirí gur “scéal fíorchliste soléite é a gheobhaidh greim docht” ar dhaoine agus “a rachaidh i bhfeidhm ar léitheoirí d’achan aois”. Baineann Daideo leis an ngaol a fhásann idir seanfhear agus gasúr óg (12), atá ag éalú óna thuistí, agus iad ag éisteacht le scéalta a chéile ar an traein go BÁC.

Ar Gabriel Rosenstock, a sholáthraíonn ‘Haikiú na Seachtaine’ do Tuairisc.ie, agus Brian Fitzgerald a bronnadh Gradam Speisialta as ucht an tsaothair Haiku Más é do thoil é! “Saothar fíorshuimiúil, fileata é seo” i dtuairim na moltóirí. “Éiríonn leis an údar (agus is file é féin) an léitheoir a mhealladh gan aon stró isteach i saol agus filíocht haiku ón 18ú haois sa tSeapáin go dtí an lá atá inniu ann. Ní fada go mbeidh an léitheoir faoi gheasa ag draíocht an fhile, í/é beo i saol liteartha aoibhinn álainn, ag féachaint ar an dúlra agus ag smaoineamh faoi, agus sleachta Haiku ag rith go tréan léi/leis.”

Ba é an cruthaitheoir pictiúrleabhar Oliver Jeffers a bhuaigh Gradam Leabhar na Bliana CBI dá shaothar Once Upon an Alphabet.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Louise O’Neill a ghnóthaigh Gradam Eilís Dillon (le haghaidh céadleabhar do pháistí) do Only Ever Yours. Ba é Chris Haighton a bhuaigh Gradam Onórach le haghaidh Maisiúcháin Shh! We Have a Plan.

Fág freagra ar 'Rosenstock agus Ní Ghlinn i measc na mbuaiteoirí ag Gradam Leabhar na Bliana CBI'