Rónán Beo ag filleadh ag a 3 tráthnóna

Beidh an clár cáiliúil 'Rónán Beo @ 3' á chraoladh beo arís ó stiúideo na nDoirí Beaga i nGaoth Dobhair tráthnóna

Rónán Beo ag filleadh ag a 3 tráthnóna

Tá an clár cáiliúil Rónán Beo @ 3 le filleadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna i ndiaidh sos bliana, nach mór. Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí sa chathaoir arís beo as na Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill agus éagsúlacht ábhar geallta aige dá lucht éisteachta.

Ar chlár an lae inniu beidh oibrí de chuid na Náisiún Aontaithe, Angus Lambkin, ag caint ar a chuid oibre san Iaráic agus beidh agallamh ann freisin leis an aisteoir Dara Devaney. Beidh  an fear seilge Darach Ó Murchú as Baile na nGall ag trácht ar na plandaí fiáine is féidir a ithe.

Bhíodh tóir mhór i gcónaí ar ‘Shaor-Ollscoil na nGael’, mír de chlár Mhic Aodha Bhuí ina bpléití focail agus nathanna cainte chomh maith le sanasaíocht na bhfocal. Beidh Micí ‘Whiting’ Mac Aoidh ar chlár an lae inniu agus “leagan níos giorra” den mhír sin le craoladh. I measc na n-aíonna eile ar chlár an lae inniu, beidh Caoimhe Ní Chathail, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Sinéad Ní Uallacháin.

“Beidh mé libh anois achan Dé hAoine ón 3-5 le meascán de chomhrá agus ceol, trom agus éadrom, idir shúgradh agus dáiríre. Cé nach mbeidh an clár ann achan lá as seo amach, beidh cuid mhór de na seanmhíreanna ag teacht ar ais, leaganacha ciorraithe daofa, ach beidh Saor-Ollscoil na nGael againn, le saineolaithe difriúla achan tseachtain, beidh na seisiúin sa stiúideo againn le cuid de na grúpaí agus ceoltóirí is fearr i saol ceoil na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na cruinne.

“Beidh muid ag plé mar is gnáth leis na rudaí maithe sa tsaol, saol an mhadaidh bháin, sé sin, bia, deoch, ceol, taisteal, fealsúnacht, Gaeilge, cuideachta, cairde, carranna,  polaitíocht, dearcadh eile ar chúrsaí reatha, agus cúrsaí an tsaoil, sláinte agus go leor eile. Tá cainteoirí agus ceoltóirí breátha socraithe againn daoibh sna seachtainí amach romhainn,” a dúirt Mac Aodha Bhuí le Tuairisc.ie.

Is clár seachtainiúil seachas clár laethúil a bheidh i gclár tráthnóna Rónáin Mhic Aodha Bhuí as seo amach. Bhí Mac Aodha Bhuí féin ar shos ón obair ó dheireadh na bliana seo caite ach bhí sé le cloisteáil arís an samhradh seo ar mhíreanna nuachta an stáisiúin agus ar an gclár Barrscéalta.

Bhíodh Rónán Beo @ 3 le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta cúig lá sa tseachtain ar feadh i bhfad agus thuill cur chuige fuinniúil lán beochta éisteoirí dílse agus mórán gradam don chlár féin agus dá láithreoir.

Mar chlár irise seachtainiúil dhá uair an chloig gach Aoine a fhillfidh Rónán Beo @ 3 tráthnóna.

Beidh clár nua ceoil ag Mac Aodha Bhuí, freisin mar chuid de sceideal an fhómhair — Manglam Ceoil, a chraolfar oíche Shathairn.

Is é Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí a bheidh ar an aer ó Luan go Déardaoin ag 3pm.

Cuireadh tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús na seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Rónán Beo ag filleadh ag a 3 tráthnóna'

  • Sįnéad Ní Fhearraigh

    Tá fíor áthas an domhain orm go bhfuil Rónán ar ais at an aer!