Gheobhaidh pobal na Stát Aontaithe agus an domhain deis anocht den chéad uair iarrthóir na nDaonlathach don uachtaránacht, an Leasuachtarán Kamala Harris, a fheiceáil faoi agallamh ar an teilifís. An iontas atá le déanamh d’agallamh teilifíse le linn feachtas toghcháin? Níl a leithéid déanta aici go dtí seo.
Ó roghnaíodh Harris agus Tim Walz go hoifigiúil mar iarrthóirí, tá an brú ag méadú orthu agallamh a dhéanamh chun iad féin agus a gcuid polasaithe a chur i láthair an phobail. Cén chaoi gur féidir breithiúnas a thabhairt ar cheachtar acu mura dtagann siad i láthair na ndaoine agus a gcás a dhéanamh gan script agus faoi cheistiúchán? Feiceann na Poblachtánaigh go bhfuil deis anseo dóibh – léiríonn roinnt de na hagallaimh atá déanta ag an leasuachtarán Harris ó toghadh í nach í is compordaí ag freagairt ceisteanna ó na meáin agus gur minic léi dul i bhfostú sna focail.
Tá sé aisteach go mbeadh an bheirt acu faoi agallamh le chéile – Harris agus Walz. Mar gheall ar an imní atá ar na foirne cumarsáide faoina cumas a leithéid a láimhseáil, is dóigh? Is cinnte go mbeidh réiteach go leor agus cleachtadh go leor déanta don agallamh anocht le CNN. Bíodh sin mar atá, tá roinnt ceisteanna a bhféadfadh Harris a bheith faoi bhrú acu mura n-éiríonn lei freagraí soiléire líofa a thabhairt.
Chuir an Teach Bán cúram ar an Leasuachtarán Harris breathnú amach do chúrsaí na teorann ó dheas ó toghadh í. Ní fios go soiléir céard a bhí i gceist a dhéanfadh sí ach tá sé soiléir nach bhfuil aon laghdú ar an líon daoine atá ag teacht isteach sna StáIt Aontaithe as Meiriceá Láir agus Theas. Tá adhmad go leor á bhaint ag feachtas Trump as na deacrachtaí ar an teorainn agus beidh brú ar Harris a mhíniú céard atá i gceist aici a dhéanamh má thoghtar í.
Tá béim ar leith curtha ag Harris ar chearta ban agus ceist an ghinmhillte ó cuireadh Roe v Wade ar neamhní. Is cinnte go mbeidh ceisteanna le freagairt aici anocht ar an ábhar. Tá sí ag maíomh go gcuirfidh Donald Trump cosc náisiúnta ar ghinmhilleadh i bhfeidhm má thoghtar in athuair é. Caithfidh sí a bheith thar a bheith cúramach agus a chinntiú nach gcuireann sí vótóirí neamhspleácha ó dhoras lena seasamh ar an gceist seo atá thar a bheith íogair mar a bhíonn i ngach tír.
Seo an chéad deis ag an Leasuachtarán Harris agallamh a dhéanamh ar bhealach teilifíse náisiúnta, an chéad deis a cuid polasaithe a mhíniú agus cur síos ar na difríochtaí idir í féin agus an tUachtarán Joe Biden, más mian léi sin agus má chreideann an lucht feachtais go ndéanfaidh sé leas dá cás. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghaoth i seolta a feachtais faoi láthair tar éis cheiliúradh na seachtaine seo caite i Chicago agus inseoidh an méid a bheidh le rá aici anocht go leor faoin mbealach a rachaidh sí i gcion ar an bpobal idir seo agus an 5ú Samhain.
Fág freagra ar 'Roinnt ceisteanna a d’fhéadfadh brú a chur ar Kamala Harris'