Rogha McHugh coicís a bheith ag daltaí ar ais sna seomraí ranga roimh aon scrúduithe

Déanfar cinneadh faoi reáchtáil na scrúduithe Stáit sa gcúpla lá seo, cinneadh a bheidh ag brath ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí

Rogha McHugh coicís a bheith ag daltaí ar ais sna seomraí ranga roimh aon scrúduithe

Táthar ag súil go ndéanfar cinneadh faoi reáchtáil na scrúduithe Stáit sa gcúpla lá seo agus an tAire Oideachais Joe McHugh den tuairim gurbh fhearr do dhaltaí coicís a bheith acu ar ais ina seomraí ranga sula dtabharfaidís faoi aon scrúduithe.

Tá dóchas ann go fóill go mbeidh an Ardteist ar siúl mar a bhíonn gach bliain ach tá an cinneadh sin ag brath ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus an chomhairle a bheidh acu maidir le sláinte an phobail a chosaint.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar cheana go mbeadh na scrúduithe ann i mbliana “ar ais nó ar éigean”.

Dúirt Liz Canavan, Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, inniu go raibh an tAire Oideachais ag moladh do dhaltaí leanúint orthu ag staidéar mar a rinne siad go dtí seo.

Dúirt Canavan gurb é a bhí ón Rialtas “an dá scrúdú stáit a reáchtáil i mbliana, an Teastas Sóisearach agus an Ardteist”.

Dúirt sí gurbh é ab fhearr leis an Aire Oideachais  go “mbeadh coicís ar a laghad ar ais ar scoil ag daltaí sula mbeadh orthu na scrúduithe a dhéanamh”.

Dúirt sí gur thuig an Taoiseach agus an Roinn Oideachais go raibh “soiléireacht” á lorg ag tuismitheoirí is daltaí faoi na scrúduithe agus gur thuig siad don “bhrú mór” atá orthu.

Dúirt sí go mbeadh cruinniú ag an bhfoireann náisiúnta um éigeandáil sa tsláinte phoiblí “ag deireadh na seachtaine” agus go raibh súil ag an Aire Oideachais “go mbeidh ar a chumas scéal na scrúduithe a shoiléiriú taobh istigh de chúpla lá”.

“Iarraimid oraibh coinneáil leis an staidéar agus a n-aird a choinneáil air. Táimid ag déanamh ar ndíchill chun freagraí a chur ar fail daoibh maidir leis na scrúduithe a luaithe agus is féidir,” a dúirt Liz Canavan.

Fág freagra ar 'Rogha McHugh coicís a bheith ag daltaí ar ais sna seomraí ranga roimh aon scrúduithe'

  • Treasa Uí Raghaill

    Maidir leis na daltaí atá ag ullmhú don Ardteist, tá brú millteanach orthu. Is iomaí dalta timpeall na tíre nach raibh ábalta fanacht i dteagmháil lena scoil ar pé árdán a bhí in úsáid ar go leor cúiseanna: easpa airgid, easpa trealaimh, gan leathbhanda, tinneas, gan dídean &rl.
    Mar thoradh, tá daltaí i ngach cearn den tír faoi strus & faoi míbhuntáiste.
    Sílim gur cóir smaoineamh go cruthaitheach agus teacht suas le seift éigin seachas an Ardteist a reachtáil.