Rogha de mhascanna aghaidhe a chothóidh craiceann sláintiúil 

Idir €6 agus €60 ar mhascanna aghaidhe atá molta ag ár gcomhfhreagraí mar tháirgí cúram cnis 

Rogha de mhascanna aghaidhe a chothóidh craiceann sláintiúil 

Tá muid imithe i gcleachtadh go mór anois ar dhaoine a fheiceáil le mascanna cosanta orthu, go háirithe i siopaí na tíre.

Go deimhin, is earra faisin iontu féin iad cuid de na mascanna sin agus dearadh álainn orthu. 

Is beag d’éadan an duine a bhíonn le feiceáil anois agus iad clúdaithe ó íochtar na súl go muineál. 

Ach ní cúis ar bith é sin le neamhaird a dhéanamh de chúram cnis ná go deimhin den smideadh. 

Na ascanna atá á scrúdú agam féin an tseachtain seo ach ní hiad cinn chosanta ón ngalar marfach atá i gceist agam ach na cinn a thabharfaidh cosaint don chraiceann agus a fhágfaidh cuma álainn shláintiúil air nuair a bheidh deireadh na géarchéime ann. 

Seo mo rogha féin de na seacht masc aghaidhe a mholfainn agus atá ar fáil ar an margadh faoi láthair.

 

Pixi Nourishing Sleep Mask ar fáil ó Cloud 10 Beauty ar €21.95

Masc álainn é seo a chosnóidh do chraiceann agus atá thar a bheith maith dóibh siúd a bhfuil a gcraiceann tirim. Masc codlata é seo is féidir a chaitheamh le linn na hoíche. 

 

Peter Thomas Roth Pumpkin Enzyme Mask ar fáil ó Cult Beauty ar €61

Sula mbeidh taom croí agat mar gheall ar phraghas an mhaisc seo ba cheart dom a rá nach gá ach oiread na fríde a úsáid aon am. Tá an ceann seo in úsáid agam féin le trí bliana anuas agus níl sé caite fós.  An buntáiste leis an gceann seo ná go scamhann sé an craiceann gan é a thriomú amach.  

 

Tony Moly Master Lab Sheet Mask Ceramide ar fáil ó BeautyBay.com ar €6.95

Praghas breá íseal ar an gceann seo ach is masc iontach é ag an am céanna. Ón Chóiré Theas é seo agus tá dea-cháil orthu ansin as na comhábhair iontacha a úsáideann siad. Tá glicrín agus ‘ceramide’ sa cheann áirithe seo ó Tony Moly. 

 

Avene Tolerance Extreme Mask ar fáil ó Boots ar €19.99

Seo masc iontach dóibh siúd a bhfuil a gcraiceann mín nó soghortaithe. Níl ach seacht gcinn de chomhábhair sa táirge seo agus tá sé iontach chun an t-éadan a hiodráitiú agus a mhaothú. Masc éadrom é seo a dhéanann jab sármhaith. 

 

The Ordinary AHA 30% & BHA 2% Peeling Solution ar fáil ó Boots ar €7.20

Scaip scéal an mhaisc seo ar luas lasrach ar na meáin shóisialta mar go bhfuil cuma na fola air.  Tá sé thar cionn ar fad ach níor mhór a bheith cúramach leis mar go bhfuil na comhábhair ann chomh láidir sin go ndófaidís an craiceann mura leantar na treoracha go docht.   

 

Clarins SOS Comfort Mask ar fáil i gcuid mhór cógaslann ar €38

Seo masc a chneasóidh an craiceann tar éis scamhadh crua. Is féidir an ceann seo a úsáid thar oíche freisin agus cuirfidh sé boige agus beocht ar ais sa gcraiceann.  

 

Ren Wake Wonderful Night-time Facial ar fáil ó Cloud 10 Beauty ar €40

Is breá liom féin an branda Ren agus bíonn mascanna iontacha i gcónaí acu. Más ann do mhasc cliste’  seo é – déanann sé an scamhadh agus an hiodráitiú le chéile in aon iarraidh amháin. Má fhágann tú an ceann seo ort thar oíche, beidh tú an-sásta leis an toradh nuair a dhúiseoidh tú.

Fág freagra ar 'Rogha de mhascanna aghaidhe a chothóidh craiceann sláintiúil '