ROGHA CHEOIL DO 2017: Bliain mhór cheoil chugainn agus seoda ag teacht ó chian agus ó chóngar

D’fhéadfadh go mbeadh bliain cheoil níos fearr fós romhainn in 2017 agus saothair bhreátha geallta ón taobh tuathail…

ROGHA CHEOIL DO 2017: Bliain mhór cheoil chugainn agus seoda ag teacht ó chian agus ó chóngar

Táimse den tuairim gurbh í 2016 an bhliain ab fhearr a bhí riamh againn sa tír seo ó thaobh an cheoil de, ach ag féachaint ar na halbaim atá ar na bioráin don bhliain seo chugainn, d’fhéadfadh go mbeadh bliain níos fearr fós romhainn in 2017.

Tá ceithre albam á n-eisiúint ag lipéad Rusted Rail na Gaillimhe (a bhí 10 mbliana d’aois le déanaí – breithlá sona leo).  Beidh A Lilac Decline, Phantom Dog Beneath The Moon, Loner Deluxe agus Cubs ag seoladh albaim úra ar an lipéad amach anseo. Táid ag obair ar fhíseán ceiliúrtha faoi láthair freisin a chaithfidh súil siar ar stair an lipéid thábhachtaigh seo cois Coiribe, lipéad áitiúil a bhfuil fís idirnáisiúnta aige. D’eisigh an grúpa ceoil traidisiúnta The Living Stream ó Chathair na dTreabh a gcéad singil ‘Grand Canal Dock’ an samhradh seo caite agus tá albam úr réitithe acu siúd chomh maith a bheidh ag teacht amach san Earrach.

LonerDeluxe

The Living Stream 

Ó thaobh an cheoil leictreonaigh dhúchasaigh de, tá fadcheiriníní á réiteach ag Slow Place Like Home, ag White Collar Boy, ag Generic People is ag Sleep Thieves.  Is iad Slow Place Like Home banna Keith Mannion ó Bhéal Átha Seanaidh is tá a ndara halbam á thaifeadadh aige faoi láthair, sa Phortaingéil is i nDún na nGall.  Tá White Collar Boy (Gavin agus Mark) na hardchathrach ag cur singilí ar leith amach le blianta beaga anuas is iad i mbun gigeanna fuinniúla leis. Údar ríméid a bheidh ann dúinne atá faoi gheasa acu nuair a eiseofar a gcéad albam amach anseo.  Tá cáil ar Generic People i gCorcaigh mar dhioscmharcaigh, ealaíontóirí físe agus lucht eagraithe cóisirí.  Beidh cáil sa bhreis orthu go luath nuair a chuirfidh siad albam nua amach.  

Cumann Sleep Thieves popamhráin leictreonacha. Tá an banna seo ón ardchathair ag réiteach an dara albam dá gcuid faoi láthair is cloisim go mbeidh fáil air i mbliana.

White Collar Boy

Slow Place Like Home

Sleep Thieves

Ó dheas i nDaingean Uí Chúis tá Ciara O’Flynn is Mark McLoughlin ag cumadh ceoil le blianta beaga faoin ainm Pinhole agus beidh a gcéad albam ar an margadh in 2017.  Is mó singil scríobach, tarraingteach atá seolta ag an mbanna Strength ó Dhoire chugam le tamaillín anuas.   Tá a n-ainm díreach athraithe acu go Strength NIA (toisc an seanainm a bheith cláraithe ag banna eile) is táid ar tí a gcéad albam a chur amach i mbliana.

Pinhole

Strength NIA

Níos sia ó bhaile, beidh albaim úra ag teacht amach ar an lipéad Thrill Jockey san earrach. Saghas ceol iar-rac cniotáilte le ceol miotail a bhíonn ar bun ag Hopes of Failure a chuirfidh Aseethe amach. Illinois River Valley Blues is teideal d’albam úr Brokeback a bhfuil baint ag Douglas McCombs ón mbanna Tortoise leo.  Tá an saothar seo cloiste agam agus is aoibhinn liom an chéad rian air ‘Ride Ahead & Light The Way’, port a fhuaimníonn mar a d’fhuaimneodh Calexico is Tortoise dá gcromfaidís ar cheol a chumadh in éineacht.

Aseethe

Beidh club Optimo thall i nGlaschú ag ceiliúradh scór bliain ar an bhfód an samhradh seo chugainn agus tá sceideal albam 2017 seolta ag a lipéad chugainn.  Sna míonna romhainn, beidh albaim acu ó The Golden Filter, Iona Fortune, Penelope Trappes agus Happy Meals chomh maith leis an gcnuasach Miracle Steps – Music From The Fourth World 1983-2017.  Tiocfaidh cnuasach suimiúil eile ceoil chugainn san earrach nuair a chuirfear amach Slow Porn présente Prise de Vue 1 ar an lipéad My Favorite Robot i dToronto Cheanada.  Ceol dioscó fíormhall, taibhsiúil atá mar bhonn leis.

The Golden Filter

Lipéad a chuireann gliondar ar ár gcroíthe go minic é Awesome Tapes From Africa agus ní fada go mbeidh fáil ar albam úr uathu, a bhuíochas leis an amhránaí Awa Puolo ó Mhailí, ar taifeadadh saothar nua leis le déanaí i Studio Mali.  Poulo Warali is teideal don albam agus tá stíl cheoil Peulh (ó cheantair iargúlta tuaithe san iardheisceart) le clos air, taobh le stíleanna ceoil eile na tíre.  Níl ach 10% de dhaonra na tíre a labhraíonn an teanga Peulh, agus mar sin seo an chéad uair a chloisfidh mórán daoine an teanga seo.

Awa Puolo

I mí Eanáir, beidh Run The Jewels, The xx,  Major Lazer, Tinie Tempah, The Flaming Lips agus Brian Eno chugainn le fadcheirníní nua.  San earrach, táim ag tnúth le halbaim úra The Magnetic Fields agus The Jesus & Mary Chain.  Tuairiscítear go bhfuil réalta idirnáisiúnta cosúil le Depeche Mode, Gorillaz, Kylie Minogue, Liam Gallagher, Blondie, Fleetwood Mac agus The Arcade Fire ag ullmhú albaim úra a eiseofar amach sa bhliain.

The xx

The Flaming Lips

Tá súil agam go bhfuairis péire deas nua cluasán mar bhronntanas Nollag is beag an baol go mbeimidne, na héisteoirí dílse,  díomhaoin is tonn mhór cheoil ag teacht inár dtreo.

Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise duit!

Cuireann Cian Ó Cíobhain An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 22.00 – 00.00, ó Luan go hAoine

Fág freagra ar 'ROGHA CHEOIL DO 2017: Bliain mhór cheoil chugainn agus seoda ag teacht ó chian agus ó chóngar'