Ringrose le teacht isteach lár páirce agus foireann na hÉireann ainmnithe

Cé nach bhfuil fear Laighean ach díreach tagtha ar ais ó ghortú, tá gá leis agus Chris Farrell, Robbie Henshaw agus Jared Payne uile ar iarraidh

Ringrose le teacht isteach lár páirce agus foireann na hÉireann ainmnithe

Is é Garry Ringrose a thiocfaidh isteach i measc chúlaithe na hÉireann an deireadh seachtaine seo agus an fhoireann don chluiche in aghaidh Alban Dé Sathairn ainmnithe ag Joe Schmidt.

Is é seo an chéad chluiche a imreoidh Ringrose i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana agus é díreach tagtha ar ais ó ghortú gualainne. Tiocfaidh fear Laighean isteach in áit Chris Farrell, a ghortaigh a ghlúin sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige.

Agus Robbie Henshaw ar iarraidh cheana féin de bharr gortaithe, chomh maith le Jared Payne, beidh súil ag Schmidt nach mbainfidh gortú d’aon imreoir lár páirce eile roimh an gcluiche mór in aghaidh Shasana an tseachtain seo chugainn.

Is é Ringrose an t-aon athrú amháin i measc na gcúlaithe agus Schmidt ag fanacht dílis don seisear a thosaigh d’Éirinn sna trí chluiche eile go dtí seo, sin iad Conor Murray agus Johnny Sexton sa líne leathchúil, Bundee Aki i lár na páirce, Jakob Stockdale agus Keith Earls ar na cliatháin agus Rob Kearney mar lánchúlaí.

Tá athrú amháin ann sna tosaithe, Tadhg Furlong ag filleadh ar ais ar an bhfoireann. Chaill Furlong amach ar an mbua in aghaidh na Breataine Bige coicís ó shin de bharr ghortú ach tá biseach tagtha air agus ghlac sé páirt iomlán sa traenáil i rith na seachtaine. Is in áit Andrew Porter a a thiocfaidh sé isteach.

Seachas sin, níl aon athrú eile déanta ag Schmidt do theacht na nAlbanach chuig Staid Aviva. Tá a n-áit coinnithe sa chéad agus sa dara líne ag Cian Healy, Rory Best, Devin Toner agus James Ryan, agus is iad Peter O’Mahony, Dan Leavy agus CJ Stander sa líne chúil arís.

Foireann na hÉireann:

15. Rob Kearney

14. Keith Earls

13. Garry Ringrose

12. Bundee Aki

11. Jacob Stockdale

10. Johnny Sexton

9. Conor Murray

1. Cian Healy

2. Rory Best

3. Tadhg Furlong

4. James Ryan

5. Devin Toner

6. Peter O’Mahony

7. Dan Leavy

8. CJ Stander

Fir ionaid:

16. Sean Cronin

17. Jack McGrath

18. Andrew Porter

19. Iain Henderson

20. Jordi Murphy

21. Kieran Marmion

22. Joey Carbery

23. Jordan Larmour

Fág freagra ar 'Ringrose le teacht isteach lár páirce agus foireann na hÉireann ainmnithe'