‘Ríméad’ ar stiúrthóir Gaeltachta faoina ghradam ag mórfhéile scannán sna Stáit Aontaithe

Thug stiúrthóir Foscadh, Seán Breathnach, leis an gradam don ‘Stiúrthóir is Fearr’ ag Féile Scannáin Newport Beach in California mar a raibh sé á thaispeáint den chéad uair thar sáile

‘Ríméad’ ar stiúrthóir Gaeltachta faoina ghradam ag mórfhéile scannán sna Stáit Aontaithe

Bronnadh ceann de na príomhghradaim ag féile scannán mór le rá sna Stáit Aontaithe ar stiúrthóir as Gaeltacht Chonamara.

Thug stiúrthóir Foscadh, Seán Breathnach, leis an gradam don ‘Stiúrthóir is Fearr’ ag Féile Scannán Newport Beach i gCalifornia, mar a raibh a chéad taispeáint idirnáisiúnta ag an scannán.

Is é Foscadh an chéad fhadscannán ag an stiúrthóir Seán Breathnach, arb as Leitir Mealláin dó.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Breathnach, léachtóir sna meáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go raibh an-áthas air gur bronnadh an duais don Stiúrthóir is Fearr air.

“Tá an oiread ríméid orm gur baineadh amach an duais don Stiúrthóir is Fearr ag Féile Scannáin Newport Beach i mbliana le Foscadh. Ní raibh aon súil agam leis mar go raibh an oiread scannán mór le rá i gcomórtas linn,” a dúirt sé.

Is iad Dónal Ó Héalaí, Fionnuala Ní Fhlatharta agus Cillian Ó Gairbhí atá sna príomhpháirteanna sa scannán Foscadh, leagan d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December.

An comhlacht Tua Films a léirigh Foscadh faoin scéim Cine4.

Ghabh Breathnach buíochas leis an chriú agus an cliar “iontach” a bhí páirteach i léiriú Foscadh.

“Ar ndóigh, bíonn an stiúrthóir ag obair i bpáirtnéireacht leis an léiritheoir, an cliar, an t-eagarthóir, an dearthóir léiriúcháin, an dearthóir fuaime, an ceamaradóir agus go leor, leor eile.

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an gcliar agus an criú iontach. Tá an-áthas orainn go bhfuil ag éirí le Foscadh sna féilte idirnáisiúnta seo,” a dúirt sé.

Thug Foscadh leis an gradam don ‘Chéad Fhadscannán Éireannach is Fearr’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i rith an tsamhraidh.

Beidh Foscadh in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana agus lucht a dhéanta ag súil go n-éireoidh leis áit a fháil ar an ghearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles.

Agus a rogha á fógairt acu, mhol lucht IFTA “sárscéalaíocht” an scannáin, a rachadh i bhfeidhm ar lucht féachana “i dteanga ar bith”.

Tugadh moladh ar leith do Dhónall Ó Héalaí, as na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara, a thug leis “leochaileacht” agus “uaigneas” a charachtair.

Scéal teacht in inmhe é Foscadh faoi fhear soineanta as an Ghaeltacht arb éigean dó fás suas tar éis bhás a mhuintire.

Fág freagra ar '‘Ríméad’ ar stiúrthóir Gaeltachta faoina ghradam ag mórfhéile scannán sna Stáit Aontaithe'