‘Rialtas ón gcósta thoir’ – Cáineadh déanta ar an Taoiseach as neamhaird a dhéanamh ar Chonnachta agus Ulaidh

Is é an Teachta Dála Dara Calleary an t-aon duine den chúigear déag airí sinsearacha nua gurb as cúige Chonnacht nó cúige Uladh dóibh

‘Rialtas ón gcósta thoir’ – Cáineadh déanta ar an Taoiseach as neamhaird a dhéanamh ar Chonnachta agus Ulaidh

Tá cáineadh déanta ar an Taoiseach as neamhaird a dhéanamh ar an iarthar agus ar an iarthuaisceart i gceapachán na n-airí sa rialtas nua.

Is é an Teachta Dála Dara Calleary an t-aon duine den chúigear déag airí sinsearacha nua gurb as cúige Chonnacht nó cúige Uladh dóibh.

Tá Calleary, Teachta de chuid Fhianna Fáil ó Mhaigh Eo, ceaptha ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa gcomhrialtas nua.

Tá triúr eile ó Ghaillimh ceaptha ina mór-airí stáit a mbeidh suíocháin acu ag bord an rialtais – sin iad Hildegarde Naughton ó Fhine Gael agus an bheirt Teachtaí neamhspleácha, Noel Grealish agus Seán Canney.

Dúirt ceannaire Aontú, an Teachta Peadar Tóibín sa Dáil aréir gur “rialtas ón gcósta thoir’ a bhí i gceist leis an rialtas nua agus é ag rá go raibh neamhaird déanta ar Chonnachta agus Ulaidh.

Bhí triúr ó chúige Uladh ina n-airí sinsearacha sa rialtas deireanach, Charlie McConalogue ó Dhún na nGall, Heather Humphries ó Mhuineachán agus Catherine Martin, arb as Muineachán di ach a bhí ina Teachta Dála i do Bhaile Átha Cliath-Ráth an Dúin.

Níor choinnigh McConalogue a áit mar Aire Talmhaíochta agus Mara sa rialtas nua, d’éirigh Humphries as mar Theachta Dála roimh an olltoghchán deireanach agus chaill Martin a suíochán.

Tá cáineadh déanta ar an Taoiseach Micheál Martin chomh maith agus laghdú tagtha ar líon na mban atá ina n-airí sinsearacha sa rialtas nua.

Níl ach triúr ban – Helen McEntee (Aire Oideachais agus Óige), Norma Foley (Aire Leanaí agus Míchumais) agus Jennifer Carroll MacNeill (Aire Sláinte) – ainmnithe ina n-airí sinsearacha ag Martin, laghdú ón gceathrar a bhí ann roimhe seo.

Luaigh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, go raibh an oiread céanna fir darb ainm James ainmnithe ina n-airí sinsearacha is a bhí mná – James Lawless, James Brown agus Jim O’Callaghan

Tá beirt bhan ceaptha ina mór-air stáit, Hildegarde Naughton agus Mary Butler, atá roghnaithe mar phríomh-aoire an rialtais chomh maith.

Dúirt Mary Lou McDonald gur theip Martin i dtaobh na cothromaíochta inscne.

Fág freagra ar '‘Rialtas ón gcósta thoir’ – Cáineadh déanta ar an Taoiseach as neamhaird a dhéanamh ar Chonnachta agus Ulaidh'