Rialtas na hAlban ag iarraidh reifreann faoin neamhspleáchas ar an 19 Deireadh Fómhair 2023

Dúirt an Chéad-Aire Nicola Sturgeon go mbeadh sí sásta cúrsaí a phlé le Príomh-Aire na Breataine ach nach ligfeadh sí do ‘dhaonlathas na hAlban a bheith ina phríosúnach ag Boris Johnson’

Rialtas na hAlban ag iarraidh reifreann faoin neamhspleáchas ar an 19 Deireadh Fómhair 2023

Deir Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon go bhfuil fúithi an dara reifreann faoi neamhspleáchas na tíre a reáchtáil ar an 19 Deireadh Fómhair.

Dúirt Sturgeon go leagfaidh sí amach cad a dhéanfadh Rialtas na hAlban sa chás go ndiúltódh Rialtas na Breataine d’iarratas ar ordú mír 30, an t-ordú a thabharfadh cead reifreann a reáchtáil.

Dúirt Sturgeon go mbeadh sí sásta cúrsaí a phlé le Príomh-Aire na Breataine ach nach ligfeadh sí do “dhaonlathas na hAlban a bheith ina phríosúnach ag Boris Johnson” .

Sa reifreann faoi neamhspleáchas na hAlban a reáchtáladh in 2014 vótáil 55% den phobal fanacht sa Ríocht Aontaithe ach tá lucht an neamhspleáchais ag súil go bhfuil athrú meoin tagtha ar dhaoine faoin gceist ó shin, go háirithe i bhfianaise an Bhreatimeachta.

Deir Nicola Sturgeon go gcaithfidh reifreann “dleathach” a bheith ann.

Bheadh trí mhórfhoráil sa bhille faoin reifreann.

Ar an gcéad dul síos, an aidhm a bheadh leis ná a fháil amach cad é tuairim an phobail faoi cé acu ar cheart nó nár cheart d’Albain a bheith ina tír neamhspleách.

Ar an dara dul síos, dúirt Sturgeon go gcuirfí an cheist chéanna ar an bpobal is a cuireadh sa reifreann in 2014 – “Ar chóir d’Albain a bheith ina tír neamhspleách?”

Ba é an tríú rud a luaigh sí ná go mbeadh an reifreann sa dara leath de shaolré na parlaiminte seo – an 19 Deireadh 2023 an rogha dáta ag an Rialtas.

 

Fág freagra ar 'Rialtas na hAlban ag iarraidh reifreann faoin neamhspleáchas ar an 19 Deireadh Fómhair 2023'