Rialtas aontachta éigeandála bunaithe in Iosrael

Tá an t-aon stáisiún cumhachta in Gaza dúnta agus é rite amach as breosla

Rialtas aontachta éigeandála bunaithe in Iosrael

Tá socraithe ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu agus ceannasaí an fhreasúra Benny Gantz rialtas aontachta éigeandála a bhunú.

Bunófar chomh maith comh-aireacht chogaidh ina mbeidh triúr – Netanyahu, Gantz agus Yoav Gallant, an t-aire cosanta.

Ciallaíonn na socruithe nua nach ndéanfar le linn an chogaidh aon chinneadh rialtais nach mbaineann le fearadh an chogaidh nó nach gcuirfear chun cinn aon bhille rialtais nach mbaineann leis an gcogadh. Cuirfear fad le gach ceapachán sinsearach go dtí deireadh thréimhse an chogaidh.

Idir an dá linn, tá an t-aon stáisiún cumhachta in Gaza dúnta agus é rite amach as breosla. Tá stop curtha ag Iosrael leis an soláthar fuinnimh don cheantar, chomh maith leis an soláthar bia agus uisce.

Beidh muintir Gaza fágtha i dtaobh le gineadóirí dá gcuid leictreachais, sin má bhíonn an breosla acu leis na gineadóirí a chur ag obair.

Deir údaráis Iosrael go bhfuil na céadta míle saighdiúirí gar do Gaza agus iad faoi réir chun an “misean” a tugadh dóibh a chur i gcrích.

Maraíodh go dtí seo os cionn 1,200 duine in ionsaithe Hamas ar Iosrael agus maraíodh os cionn 1,000 duine in ionsaithe aeir Iosrael ar Gaza.

Ghéaraigh Iosrael ar a gcogadh in aghaidh Hamas lena thuilleadh ionsaithe diúracáin ar Stráice Gaza. Tá sé ina imní gur tubaiste dhaonnúil atá i ndán don cheantar.

Fág freagra ar 'Rialtas aontachta éigeandála bunaithe in Iosrael'