Rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael is cúis le meath na Gaeltachta, a deir Gerry Adams

Agus feachtas toghcháin an Seanadóra Trevor Ó Clochartaigh á sheoladh aige ar an gCeathrú Rua anocht, mhaígh ceannaire Shinn Féin go seasfadh an páirtí sin ‘an fód ar son na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge’

8/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis

Is ar rialtais a raibh Fianna Fáil nó Fine Gael i gceannas orthu atá an locht “as meath na bpobal” Gaeltachta, a dúirt ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams agus é ar cuairt ar Chonamara anocht.

Agus feachtas toghcháin an Seanadóra Trevor Ó Clochartaigh á sheoladh go hoifigiúil aige ar an gCeathrú Rua, mhaígh Adams “go seasfadh Sinn Féin an fód ar son na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge”.

“Luíonn an milleán maidir le meath na bpobal Gaeltachta le rialtais Fhianna Fáil is Fhine Gael. Ní raibh an Ghaeilge ná na pobail Ghaeltachta mar thosaíocht ag na páirtithe seo riamh.

“Níltear ag dul thar fóir a rá go bhfuil pobail na Gaeltachta agus na n-oileán ag streachailt chun maireachtála mar atá agus go bhfuil eagla an domhain orthu go gcuirfear deireadh leo le hatoghadh an rialtais reatha. Brúdh na daoine seo chun dul i mbun agóidíochta lena seirbhís aeir don mhórthír a choinneáil agus scoileanna beaga Gaeltachta a shábháil,” a dúirt Adams.

Cháin sé Fianna Fáil agus Fine Gael chomh maith as ‘lagú’ a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta agus maoiniú na heagraíochta sin a laghdú.

Mhaígh Adams nár éirigh le Fine Gael ná Fianna Fáil cosaint a thabhairt do chearta teanga ná cearta eile phobal na Gaeltachta.

Dúirt sé go raibh faillí déanta ag an dá pháirtí sin sa Ghaeltacht agus go raibh na ceantair Ghaeltachta gann ar infheistíocht, ar mhaoiniú, agus ar sheirbhísí de thoradh na siléige sin.

Chuir an méid sin le himeallú agus dídhaonrú na Gaeltachta, a dúirt sé.

“Seo an oidhreacht a d’fhág Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre linn. Sin an fáth go bhfuil rialtas a bhfuil bá aige don Ghaeilge is don Ghaeltacht de dhíth orainn,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Dá mbeadh Sinn Féin i mbun rialtais, a dúirt sé, chuirfí toghcháin ar bun arís do Bhord Údarás na Gaeltachta agus thabharfaí maoiniú caipitil breise don eagraíocht fiontraíochta. Dhéanfaí athbhreithniú chomh maith ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

B’ionann vóta a thabhairt do Shinn Féin agus a chinntiú go mbeadh “fíorthodhchaí” i ndán don Ghaeltacht, a dúirt Adams.

Fág freagra ar 'Rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael is cúis le meath na Gaeltachta, a deir Gerry Adams'

  • padraig

    Tugaimís caoi d’Adams beart a dhéanamh d’réir a bhriathair. Beidh le feiceáil ansin againn.Tá’s againn cén gad is giorra don scórnaigh ag an dream eile acu é.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bheadh níos mó muinín agam as dáiríreacht Shinn Féin faoin nGaeltacht dá roghnóidís iarrthóirí le Gaeilge líofa le seasamh i dtoghacheantair Ghaeltachta. Roghnaíodh Matt Carthy le seasamh i dtoghcháin na hEorpa. Roghnaíodh Tom Healy le seasamh i dtoghcheantar Chonamara i dtoghchán 2014 agus toghadh é ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Páirtí a roghnódh iarrthóirí gan Ghaeilge le bheith mar ionadaithe poiblí do phobail Ghaeltachta, is deacair a chreidiúnt go bhfuil siad in aon bhealach difriúl óna páirtithe eile.