Riail an omerta i bhfeidhm i nDoire i gcónaí

Bhí riail an omerta coitianta i measc na bparaimíleatach le linn na dTrioblóidí ach údar scéine é a bheith i bhfeidhm go tréan i nDoire inniu

000ab12c-642
Paul McCauley nár tháinig chuige féin riamh i ndiaidh an ionsaithe a deineadh air i 2006

Chuir an t-ionsaí alltacht ar dhaoine naoi mbliana ó shin nuair a tharla sé gan fáth, gan iarraidh. Ó fuair Paul McCauley bás ag deireadh na seachtaine de bharr na híde barbartha a tugadh air i 2006, is mó fós an t-uafás é go bhfuil an dream a bhí freagrach á gcosaint le tost.

Bhí riail an omerta coitianta i measc na bparaimíleatach le linn na dTrioblóidí ach údar scéine é a bheith i bhfeidhm go tréan i nDoire inniu chun seicteachas fíochmhar a chosaint.

Bhí Paul “i ngéibheann ina chorp briste ón oíche i mí Iúil i 2006 nuair a rinneadh ionsaí chomh fíochmhar sin air gur briseadh a chloigeann”, a dúirt a athair, Jim McCauley. Tá na blianta ó shin caite ag a mhuintir ag tabhairt cuairte ar othar nach eol dóibh an raibh a fhios aige cérbh iad féin nó céard a bhí siad a rá leis. Tá a fhios acu go raibh sé dall, gan aithne gan urlabhra ach bhídís ag caint léi, ag léamh os ard dó agus ag guí. Bhí a mhuintir ar fad ina fhochair nuair a cailleadh é. Tá siad molta go forleathan as a ndílseacht agus a ndínit.

Tharla an eachtra i dTaobh an Uisce i nDoire. Oíche bhrea shamhraidh a bhí ann. Státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais ab ea Paul, bhí sé 30 bliain d’aois agus iníon amháin aige, babaí ab ea í ag an am. Tháinig Paul agus cairde eile – Caitlicigh, Protastúnaigh, daoine gan chreideamh agus cúpla duine ón bPolainn agus ón Rómáin – le chéile le haghaidh beárbaiciú i gcúlghairdín d’fhear a bhí ag dul go Azerbajan chun Béarla a theagasc. Ag deireadh na cóisreach, d’fhan cúpla duine chun glanadh suas. Bhí an tine bheag a bhí acu sa ghairdín fós beo agus é le feiceáil ón taobh eile den Fheabhail. Is ansin a tháinig scata dílseoirí, 14 nó 15 acu, idir fhir agus óganaigh, isteach sa ghairdín agus bhataráil iad. Bualadh Paul sa chloigeann agus nuair a thit sé, rinneadh satailt ar a cheann.

Tá fiosrú dúnmharaithe ar siúl ag an PSNI anois. Fuarthas an-chuid lochtanna ar an bhfiosrú a rinne siad ag an tús. Rinne muintir McCauley gearán agus tar éis iniúchadh, a ndearnadh 42 moladh dá bharr, ghabh an tseirbhís leithscéal leo. Níor cúisíodh ach aon duine amháin faoin eachtra.

I 2009 gearradh dhá bhliain déag príosúin ar Darryl Proctor a d’admhaigh go ndearna sé mórdhíobháil choirp le drochintinn. Níor léirigh sé aiféala agus dhiúltaigh sé glan aon duine eile a bhí sa scata a ghortaigh an triúr a ainmniú. Scaoileadh saor é i mbliana cé gur dhúirt na híobartaigh nar cheart é a ligean amach mura n-ainmeodh sé a chomhionsaitheoirí.

Gasúr beag ab ea Proctor nuair a thainig deireadh leis na trioblóidí – rugadh é i 1991. Dúirt an breitheamh gur ionsaí seicteach ab ea é gan dabht agus fritheadh ábhar frith-Chaitliceach, ar nós KAT nó ‘kill a taig’ ar na meáin shóisialta a thaithigh Proctor. Deir an PSNI go bhfuil a fhios acu cérbh iad na hionsaitheoirí eile ach nach dtig leo fianaise a fháil chun iad a ghabháil agus a chúiseamh. Maítear go raibh baint ag an UDA leis an eachtra agus gur ar ordú uathu sin atá an omerta i bhfeidhm.

Rinne polaiteoirí náisiúnacha sa chathair achainí ar an bpobal dílseach eolas a thabhairt do na póilíní. Níos tábhachtaí fós, d’impigh Jim McCauley orthu sin atá ag cosaint dhúnmharfóirí a mhic breith ar a n-aithreachas. Údar mór díomá é, a dúirt sé, a bheith ag siúl na sráide céanna leis na daoine atá freagrach agus le daoine atá ag ceilt na fírinne. “Déanaigí an rud ceart,” a dúirt sé , “tugaigí droim láimhe leis an drong a mharaigh Paul agus tabhair faisnéis do na póilíní. Tá síocháin san uaigh tuillte aige”.

Baineann an náire seo leis an bpobal dílseach ach ní hiad an UDA amháin a chuireann omerta i bhfeidhm. Tharla an rud céanna nuair a mharaigh poblachtánaithe Paul Quinn as deisceart Ard Mhacha. Más le faitíos nó le fonn a dhéantar rud ar pharaimíleataigh, is bocht an teist é ar an ré gheal nua.

Is gá misneach chun an chuing a bhriseadh agus is gá stop a chur leis an ‘meas/ claonmheas’ ar dhaoine a cheileann fianaise. Tús maith más mall féin a bheadh ann é a dhéanamh i gcás an dronga a d’ionsaigh Paul McCauley.

 

Fág freagra ar 'Riail an omerta i bhfeidhm i nDoire i gcónaí'