Ar an 27 Iúil 2024 d’fhógair Éamon Ó Cuív go raibh sé ag dul ar scor tar éis gairm fhada i saol na polaitíochta sa tír seo. Bhí sé ina Sheanadóir ó 1989 go dtí gur toghadh é mar Theachta Dála i 1992. I 1997 a ceapadh é mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Go bunúsach bhí sé i gceannas ar an Roinn Gaeltachta a bhí ann le fada an lá.
Ag an am sin chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm mar dhuine a raibh fís aige agus mar cheannaire. Mar dhuine a tógadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath bhí tuiscint eisceachtúil aige ar phobal na tuaithe agus go háirithe ar shaol na Gaeltachta.
Bhí mise tar éis a bheith ag obair le hairí éagsúla sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag dul siar go Garret Fitzgerald agus Brian Lenihan ach bhí Éamon Ó Cuív eisceachtúil. I gcás Uí Chuív bhí a fhios aige níos mó ná mórán polaiteoirí eile faoi na polasaithe a bhí sé ag iarraidh a fhorbairt agus bhí sé breá ábalta a chás a chur i láthair agus a mhíniú go beacht.
Is cuimhin liom go maith an chéad chruinniú a bhí againn leis an aire nua sna Forbacha i 1997 nuair a chaith muid an chuid is mó den lá ag déanamh plé ar an bhfís a bhí aige agus ar an mbealach a bhí i gceist aige í a chur i bhfeidhm.
Thaispeáin sé go raibh sé in ann oibriú le státseirbhísigh agus iad a thabhairt leis. Go deimhin d’fhág cuid againn an cruinniú sin agus muid an-sásta agus fuinneamh nua ionainn. Bhí Ó Cuív thar cionn ag míniú na smaointe a bhí aige agus ba léir go mbeadh an taithí a bhí aige ag obair leis an gComharchumann i gCorr na Móna iontach áisiúil anois.
Ní raibh Ó Cuív ach cúpla mí in oifig i 1997 nuair a ceadaíodh deontas mór do na céibheanna in iarthar Chorcaí atá ag freastal ar na hoileáin amach ón gcósta. Bhí sé mar chuid den straitéis, ar ndóigh, nach é amháin go mbeadh an t-infreastruchtúr ceart ar an mórthír agus ar na hoileáin ach go mbeadh rochtain rialta ag na hoileánaigh ar an mórthír. Lean Ó Cuív leis an straitéis sin nuair a ceapadh é ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in 2002 agus arís in 2007. Gan amhras rinne sé difríocht ollmhór do shaol na n-oileánach sa tír seo, le seirbhísí farantóireachta d’ardchaighdeán agus seirbhísí lasta rialta.
Ag cruinnithe poiblí bhí Ó Cuív ina mháistir. Bhí sé ag caint lena phobal féin anois. Idir 1997 agus 2001 rinne sé forbairt chuimsitheach ar pholasaí bonneagair na Gaeltachta agus na n-oileán. Chomh maith leis sin d’aimsigh sé an maoiniú riachtanach chun a chuid pleananna a chur i bhfeidhm. Ba mhinic i dtreo dheireadh na bliana, thiocfadh sé chugam le ‘bronntanas Nollag’ – milliún nó dhó a bhí fágtha ag Ranna rialtais eile gur éirigh leis-sean a fháil le haghaidh bóithre na Gaeltachta. Bhíodh an t-airgead le caitheamh roimh dheireadh na bliana agus rinne Éamon cinnte i gcónaí nár tugadh pingin rua amháin ar ais don Roinn Airgeadais.
Thionscain sé córas cumarsáide leis na húdaráis áitiúla – iad siúd a bhí freagrach as Gaeltacht agus Oileáin ar fud na tíre. Rinneadh comhaontuithe leo le bheith cinnte go n-íocfadh siad a sciar féin freisin agus go mbeadh luach ar airgead ag an Roinn. Bhí mioneolas ag Ó Cuív ar an gcóras rialtais áitiúil, rud a chuidigh go mór linn agus baineadh go leor amach do na hoileáin, go háirithe sna deich mbliain ó 1997 go dtí 2007.
Ar ndóigh bhí Éamon ina cheannródaí freisin ar chúrsaí teanga. Thug sé isteach an tAcht Teanga in 2003 agus bhunaigh sé oifig an Choimisinéara Teanga. Tá seanfhocal a deir ‘Beir crua ar neantóg is ní dhéanfaidh sé thú a dhó’ agus go deimhin bhí conspóidí uaireanta faoin reachtaíocht nua, ina measc an ‘neantóg’ a bhain le Daingean/Dingle. Go deimhin bhí cás na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach ina chroí agus bhí ról lárnach aige freisin i gcás seoid eile, nuair a fuair an Ghaeilge stádas mar theanga oibre san Aontas Eorpach.
Bhunaigh sé Coimisiún na Gaeltachta in 2002 agus mar thoradh ar Thuarascáil an Choimisiúin sin tháinig an Staidéar Teangeolaíoch agus ina dhiaidh sin an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Bhí baint agam féin leis na trí rud sin agus go deimhin chonaic mé san obair sin an smaointeoireacht dhomhain a bhí déanta ag an Aire faoi thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta. Is ón obair sin a d’eascair an córas pleanála teanga atá i bhfeidhm anois le dul i ngleic leis an bpatrún aistrithe teanga ó Ghaeilge go Béarla agus le cur le dlús na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ag breathnú siar air anois bhí ré órga i Roinn na Gaeltachta nuair a bhí Éamon Ó Cuív i gceannas. Beidh cuimhne agam go deo ar na cruinnithe a bhí againn le pobail, go minic oícheanta fada sa Ghaeltacht nó ar oileáin. Ní raibh Éamon riamh sásta imeacht go dtí go mbeadh gach rud socraithe. Mhothaigh mé go raibh na pobail i gcoitinne thar a bheith sásta leis mar Aire. Thuig sé an córas stáit go maith freisin, chomh maith le haon státseirbhíseach.
Ach níos mó ná aon rud eile, bhí sé ina mheantóir, ina chara, agus ina thacaí dílis diongbháilte againn uilig a bhí ag obair leis fad a bhí sé ann.
Léirigh sé fíorspiorad na ceannaireachta, na comhbhá agus an tiomantais. Tá blianta tiomnaithe aige don tseirbhís phoiblí agus tá sos tuillte aige anois.
Agus é críochnaithe sa Dáil an tseachtain seo caite guím gach rath air féin agus ar Áine don chaibidil nua atá amach rompu. Tá mé cinnte nach mbeidh siad díomhaoin.
Lillis Ó Laoire
Rath agus bláth air Éamonn ina shaol úr.
donncha Ó hÉallaithe
Cinnte bhí sé míle uair níos fearr ná na Airí Stáit a tháinig ina dhiaidh, cuid acu ní raibh tuiscint ná spéis acu i gcaomhnú ná neartú na Gaeltachta. Ar a laghad chreid Éamon Ó Cuív sa rud a bhí ar bun aige agus bhain sé go leor amach, mar atá ráite san alt.
Sé an trua, áfach, nár thapaigh sé an deis na moltaí is tábhachtaí a bhí déanta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a chur i bhfeidhm, nuair a tháinig an tuarascáil chomh fada leis.
Guím gach rath air.
Seán
Nach raibh sé ina shuí ag bord an rialtais, mar Aire Gaeltachta cuid den am, idir 2008 agus 2014 nuair a déanadh laghgú 75% ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ?