Rátaí coiriúlachta na Gaeltachta: An Charraig is sábháilte agus sa Daingean atá an ráta coiriúlachta is airde

Tá gach ceantar Gaeltachta go maith faoi bhun an mheánráta náisiúnta ó thaobh coiriúlachta

26/8/2015 A press conference in Ballyfermot Garda

Is é An Charraig i nDún na nGall an ceantar is sábháilte sa Ghaeltacht, de réir suirbhé nua ina bhfuil eolas faoi líon na gcoireanna a taifeadadh i ngach ceann den 563 stáisiún Gardaí sa Stát.

Is sa Daingean i gCorca Dhuibhne atá an ráta coiriúlachta in aghaidh an duine is airde sa Ghaeltacht, de réir na hainilíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar an Neighbourhood Crime Survey 2015 atá foilsithe ag The Times.

Tá gach ceantar Gaeltachta, an Daingean san áireamh, go maith faoi bhun an mheánráta náisiúnta ó thaobh coiriúlachta de.

Is é 4.7% an meánráta náisiúnta coiriúlachta. Is ionann an ráta coiriúlachta sa chás seo agus líon na gcoireanna in aghaidh gach 100 duine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar.


1. Rátaí coiriúlachta na Gaeltachta

Screen Shot 2015-11-16 at 21.02.19

Tá gach ceantar Gaeltachta a bhfuil stáisiún Gardaí ann, seachas an Daingean, áirithe ar an 100 ceantar is sábháilte sa Stát. Tá an Daingean sa 145 áit.

Is é an Rinn i bPort Láirge an ceantar is sábháilte sa chontae sin, agus ráta coiriúlachta de 1% aige.

Tá Béal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh agus an Spidéal agus Leitir Mór sa Ghaillimh áirithe ar an 10 gceantar is sábháilte sa Stát.

Tá ráta coiriúlachta faoi bhun 1% ag 11 ceantar Gaeltachta.

I dtábla 2 thíos tá briseadh síos ann ar líon agus ar chineálacha na gcoireanna a taifeadadh ó Mheitheamh 2014 go Meitheamh 2015 sna ceantair Ghaeltachta a bhfuil stáisiún Gardaí iontu.

Níl ceantar Gaeltachta Ráth Chairn ná cuid de Ghaeltacht Láir Dhún na nGall san áireamh i bhfigiúirí Tuairisc.ie toisc nach bhfuil na stáisiúin a dhéanann freastal ar na ceantair sin sa Ghaeltacht.


2. Líon agus cineál na gcoireanna a taifeadadh ó Mheitheamh 2014 go Meitheamh 2015

Screen Shot 2015-11-16 at 21.02.11