RANDOX: Rabhadh faoi thástálacha Covid-19 le comhlacht Gaeltachta

D’fhógair Aire Sláinte na Breataine Matt Hancock nach raibh an ‘caighdeán cuí’ bainte amach ag cuid de thástálacha Randox Laboratories, a bhfuil saotharlann acu i nGaeltacht Dhún na nGall

RANDOX: Rabhadh faoi thástálacha Covid-19 le comhlacht Gaeltachta

Tá rabhadh tugtha ag rialtas na Breataine gan tástálacha don ghalar Covid-19 atá táirgthe ag comhlacht atá lonnathe sa Ghaeltacht a úsáid.

D’fhógair an tAire Sláinte Matt Hancock nach raibh an “caighdeán cuí” bainte amach ag cuid de thástálacha Randox Laboratories, a bhfuil saotharlanna acu i nGaeltacht Dhún na nGall agus i gcontae Aontroma.

Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó ag Údarás na Gaeltachta agus ceann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.

Dúirt Hancock nár cheart úsáid a bhaint as na tástálacha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Tugadh le fios nár baineadh úsáid as aon cheann de na tástálacha lochtacha agus nach raibh aon tionchar ag an bhfadhb ar thorthaí tástálacha.

Bronnadh conradh £133 milliún ar Randox, a bhfuil saotharlann acu ar an gClochán Liath, mí an Mhárta chun tástálacha a chur ar fáil d’oibrithe sláinte an NHS agus d’ionaid chúraim i Sasana, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Bheag.

Deir Randox go bhfuil siad ar an eolas maidir leis an bhfadhb agus nach mbaineann sí ach le baisc amháin maipíní.

Deir an comhlacht chomh maith nach mbaineann an fhadhb leis na tástálacha atá á ndíol acu ar an margadh príobháideach agus go gcuireann soláthraí difriúil na maipíní ar fáil do na tástálacha sin.

Rinneadh cáineadh láidir mí Aibreáin ar Randox agus comhlachtaí eile a bhí ag díol tástálacha don ghalar Covid-19 leis an phobal ar phraghas ard.

Rinne Randox cosaint ar chostas na dtástálacha, £120 nó €198 ar thástáil aonair, dúirt siad go raibh siad á ndíol ar an margadh príobháideach “ar phraghas iomaíoch”.

Fógraíodh go luath ina dhiaidh sin nach mbeadh na tástálacha á ndíol leis an bpobal. Bhí éileamh mór ar fhearais tástála Randox, áfach, agus tá siad ar díol arís ar a suíomh agus £120 an ceann orthu.

Is fríd an bpost a chuirtear an fearas chuig an gcustaiméir agus ansin seoltar an sampla ar aghaidh chuig saotharlann, áit a ndéantar anailís ar an tástáil.

Cuirtear toradh na tástála ar fáil don chustaiméir roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'RANDOX: Rabhadh faoi thástálacha Covid-19 le comhlacht Gaeltachta'