Tá sé ráite ag iarAire Cosanta, Éamon Ó Cuív, nár cheart d’Éirinn a bheith “páirteach sa mhíleatú atá ag tarlú san Aontas Eorpach” agus gur cheart don stát “diúltú” airgead a chur ar fáil do chiste míleata a bheadh ag an Aontas.
Agus é ag scríobh in An Timire, dúirt Ó Cuív go mbeadh sé “in aghaidh spiorad Alt 29 den Bhunreacht” airgead a chur ar fáil chun críocha míleata san Aontas Eorpach.
“Ní ceart dúinn mar thír neodrach a bheith páirteach sa mhíleatú atá ag tarlú san Aontas Eorpach. Tá na billiúin á gcaitheamh ar chúrsaí cosanta agus ar thionscal déantúsaíochta arm go díreach ag an Aontas Eorpach gach bliain.
“Is ceart dúinn diúltú aon airgead de chuid na tíre seo a chur sa gciste seo. Dar liom, freisin, tá sé in aghaidh spiorad Alt 29 den Bhunreacht a bheith ag cur airgid ar fáil chuige seo,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé freisin gur cheart don tír seo “treisiú ar a hiarrachtaí” sna Náisiúin Aontaithe leis an gConradh in Aghaidh Iomadú Núicléach “a neartú” agus brú a chur ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil airm núicléacha acu “an líon díobh a laghdú mar atá leagtha amach sa gConradh”.
Mhaígh Ó Cuív gur chóir d’Éirinn “a bheith chun tosaigh” in iarrachtaí na Náisiúin Aontaithe “a threisiú” agus “leasuithe a mholadh le go mbeidh níos mó ionchuir ag na Náisiúin Aontaithe i gcúrsaí síochána” go hidirnáisiúnta.
“Tá gá práinneach go scrúdófaí an veto atá ag tíortha áirithe ar an gComhairle Slándála ar bhonn stairiúil agus a dhéanamh cinnte go leasófar an veto seo le nach féidir le roinnt bheag tíortha stop a chur le gníomhaíochtaí a bhfuil formhór bhaill na Náisiún Aontaithe ar a son,” a dúirt sé.
Bhí Éamon Ó Cuív ina Aire Cosanta in 2011 agus ina leascheannaire ar Fhianna Fáil ó 2011 go 2012. Dúirt sé go bhfuil “borradh mór” faoi thionscal na n-arm i láthair na huaire agus gur “beag duine atá ag caint ar bhealach na síochána”.
“Cuirtear ina leith siúd atá ag caint mar sin go bhfuil siad soineanta agus go bhfuil a súile dúnta ar na fíricí,” a mhaígh Ó Cuív ina alt ar An Timire.
Dúirt sé go gcreideann sé go bhfuil “go leor” déanta ag Éirinn ar son na síochána san am a caitheadh, agus go bhféadfadh sí agus tíortha dá leithéid rud a dhéanamh arís “le clár oibre ar son na síochána a chur ar aghaidh”.
“Taobh istigh den Aontas Eorpach, ba cheart d’Éirinn tacú le hiarrachtaí le fóirithint dhaonnúil a thabhairt do phobail agus do thíortha taobh istigh nó taobh amuigh den Aontas Eorpach atá ag fulaingt de bharr tubaistí nádúrtha nó cogaí,” a dúirt Ó Cuív.
Eoghan Ó Néill
Ceart aige!