Ráflaí toghcháin agus bagairt an Bhreatimeachta i ndiaidh Buiséad a bhí cuibheasach gan a bheith maíteach

Thug go leor tráchtairí ‘buiséad toghcháin’ ar shaothar an Aire Airgeadais, ach ní foláir éirim na tuairime sin a mheá go cúramach

Ráflaí toghcháin agus bagairt an Bhreatimeachta i ndiaidh Buiséad a bhí cuibheasach gan a bheith maíteach

Teastaíonn olltoghchán ó Leo Varadkar, de réir na ráflaí i dTeach Laighean. Tá dáta na vótála,  an7 Nollaig, roghnaithe aige cheana féin, de réir na ráflaí céanna. Is d’fhonn vótóirí a mhealladh a cumadh an buiséad, a deir lucht na ráflaí.

Níor toghadh buíon Teachtaí Dála riamh a raibh amhras chomh leanúnach orthu, agus údar leis, go dtiocfadh olltoghchán aniar aduaidh orthu, trí thimpiste nó d’aon ghnó. Ní haon iontas é mar sin go raibh deireadh ré na Dála á phlé go tréan arís acu fiú sular chuir Paschal Donohoe tús lena óráid Dé Máirt.

An fhírinne? Ba bhreá leis an Taoiseach, fearacht gach Taoiseach eile, olltoghchán a fhógairt agus cúis réasúnta dóchais aige go mbeadh sé i gceannas arís ina dhiaidh. Chuige sin, teastaíonn leithscéal, nó deis, nó bagairt uaidh.

Cuirimis bagairt agus leithscéal toghcháin i leataobh ar feadh tamaill. Ar thug an buiséad deis do Leo Varadkar a d’fhágfadh gur beart stuama a bheadh ann olltoghchán a ghairm?

Thug go leor tráchtairí ‘buiséad toghcháin’ ar shaothar an aire airgeadais, ach ní foláir éirim a gcur síos a mheá go cúramach.

Ní go minic a thugann vótóirí tacaíocht in olltoghchán d’iarrthóir rialtais mar gheall ar bhuíochas. Is mó an chontúirt go léireofaí míshásamh mar gheall ar ardú cánach nó athrú polasaí a laghdaíonn a dteacht isteach.

Sheachain Paschal Donohoe athruithe sa bhuiséad a chuirfeadh olc ar dhream ar bith a chuirfeadh suíocháin Fhine Gael i mbaol agus a míshásamh á chur in iúl acu. Níl óstóir ná gruagaire sa tír sásta leis an ardú ar cháin bhreisluacha a bheidh ar chustaiméirí a íoc. Níl ceachtar dream chomh láidir faoi láthair áfach gur féidir leo cur ina luí ar Theachtaí Dála go gcaillfidís a suíocháin mura gcuirtear an t-ardú ar VAT ar ceal.

Ní foláir na focail “faoi láthair” a chur mar choinníoll le tuairimíocht mar seo toisc nach féidir maolú nó leasú ar bheartais an bhuiséid a chur as an áireamh agus an bille airgeadais á dhréachtú agus á phlé idir seo agus deireadh n a bliana.

Is féidir an buiséad a lochtú go géar ar ndóigh mar gheall ar laige na mbeartas a bhain le tithíocht. Sampla: níl cáin ná tobhach molta chun brú a chur ar úinéirí tithe/árasáin fholmha a ligean ar cíos nó a dhíol. Sampla eile: tá os cionn billiún euro curtha ar fáil chun 10,000 teach sóisialta a thógáil in 2019. Dála an scéil, ní hionann “cur ar fáil” agus gealltanas go dtógfar an méid sin tithe agus árasán an bhliain seo chugainn.

Dá laige na beartais thuas, níl dochar polaitiúil iontu faoi láthair, ar chúis shuarach amháin. Ní chuireann easpa dídine as don mhóramh ar a mbeidh toradh an olltoghcháin ag brath. Arís, ní foláir “faoi láthair” a chur le barúil dá leithéid. Mar is léir do chách, agus mar a dúirt IBEC le gairid, tá an ghéarchéim tithíochta ag déanamh dochar eacnamaíochta agus sóisialta nár chóir neamhaird a dhéanamh dó.

Is í an idirbheartaíocht idir Fine Gael agus Fianna Fáil dáiríre is mó a spreag an chaint ar olltoghchán. Dúirt Leo Varadkar gur chóir go mbeadh “an t-athbhreithniú” ar an gcomhréiteach muiníne agus soláthair idir an dá pháirtí críochnaithe roimh dheireadh na míosa seo.

Ní “athbhreithniú”, mar a socraíodh tar éis an olltoghcháin in 2016, a theastaíonn ó Fhianna Fail ach idirbheartaíocht leathan agus comhréiteach nua ina leagfar amach polasaithe éagsúla, maidir le tithíocht go háirithe.

D’fhéadfaí easpa réitigh sna cainteanna idir an dá pháirtí a úsáid mar leithscéal toghcháin. Mar sin féin, is ar éigean a chreidfí an Taoiseach dá ndéarfadh sé idir seo agus an Nollaig go raibh olltoghchán riachtanach dá dheasca.

Bheadh easpa réitigh agus easaontas iomlán sna cainteanna faoin mBreatimeacht níos téagartha mar leithscéal toghcháin. Dúirt cúlbhinseoir ó Fhine Gael leis an scríbhneoir seo gur shíl sé go mbeadh cóir ghaoithe leis an bpáirtí dá mbeadh Leo Varadkar ábalta a rá go raibh gá le rialtas láidir chun déileáil le bagairt an drochBhreatimeachta.

Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil ciall le tuairimíocht dá leithéid, tharla gan fios a bheith ag duine ar bith i mBaile Átha Cliath ná sa Bhruiséil ná i Londain cén sórt Breatimeachta atá romhainn.

Ach is féidir a bheith réasúnta cinnte áfach cé a shocróidh an dtabharfar deis do Leo Varadkar Breatimeacht neamhshrianta a úsáid mar leithscéal toghcháin: Arlene Foster. 

Fág freagra ar 'Ráflaí toghcháin agus bagairt an Bhreatimeachta i ndiaidh Buiséad a bhí cuibheasach gan a bheith maíteach'