Tháinig smugairle róin leonmhongach i dtír in aice le Trá an Chairn in Ard an Rátha inné agus dúirt IWS go bhféadfadh an ga nimhneach atá ag an smugairle róin seo dochar a dhéanamh do shnámhóirí a thiocfadh i dteagmháil leis.
I bhfarraigí fuara an Leathsféir Thuaidh a aimsítear an smugairle leonmhongach de ghnáth ach meallann an t-athrú aeráide iad anuas chuig farraigí na hÉireann. Lena chois sin, is nós leo agus iad ar tí a mbáis, bailíú le chéile in áiteanna foscúla. Fágtar ar an trá iad nuair a thránn an taoide.
As a mhéid a aithnítear an smugairle leonmhongach mar is é an smugairle róin is mó ar domhan é, chomh fada agus is eol dúinn. Bíonn idir 70 agus 150 braiteog air agus d’fhéadfadh na braiteoga sin a bheith suas le 30m ar fhad. Athraíonn an smugairle róin a dhath, ó oráiste go corcairdhearg, á oiriúnú féin dá thimpeallacht.
Thug John Leech ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann comhairle faoi cad ba cheart duit a dhéanamh má chuirtear ga ionat:
“Má chuirtear ga ionat, caithfidh tú an ball leonta a ní in uisce sáile agus na braiteoga a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Leag paca tirim fuar in aghaidh an spota sin. Mura laghdaíonn an phian tar éis chúig lá ba cheart fios a chur ar na seirbhísí éigeandála,” a dúirt sé.
Dúradh i ráiteas an IWS gur cheart go mbeadh daoine a bhfuil ailléirge orthu leis an smugairle róin, a bheith an-chúramach ina dtaobh toisc go bhféadfá turraing anaifiolachtach a fháil uathu agus go bhféadfadh duine a bheith i mbaol báis óna leithéid.
Luaigh Leech chomh maith go gcuirtear duine amháin san ospidéal chuile bhliain de bharr an smugairle róin seo.
Ní hé seo an chéad chuairt ag a leithéid de smugairle róin ar Éirinn. Thángthas orthu i gCuas an Ghainimh i mBaile Átha Cliath in 2014 agus arís i Loch Chionn Caslach i nGaeltacht Thír Chonaill in 2016. Níor tuairiscíodh gur bhain an smugairle leonmhongach seo aon gha as aon duine go dtí seo ach moltar duit é a sheachaint má bhíonn tú ag snámh ina chóngar.
Jordan Ely
Is mór an trua é gur pictiúir de smugairle rón compás atá leis an alt seo seachas an smugairle rón leonmhongach a bhfuil faoi rabhadh!