Rabhadh oráiste eile le tosú tráthnóna, siocán crua agus oighear á thuar

Táthar ag tuar go mbeidh an teocht chomh híseal le seacht gcéim faoin reophointe sa gcuid is mó den tír anocht

Rabhadh oráiste eile le tosú tráthnóna, siocán crua agus oighear á thuar

Faoin reophointe a fhanfaidh an teocht ar fud na tíre maidin inniu agus fanfaidh sí i bhfad faoin reophointe i gceantair áirithe lár tíre an lá ar fad. Sa gcuid eile den tír táthar ag tuar go mbeidh an teocht idir an reophointe agus dhá chéim os a chionn.

A bhuíochas don mhuir, beidh sé cúpla céim níos teo sna ceantair cois cósta.

Lá tirim gréine a bheidh againn den chuid is mó seachas corrchith gheimhriúil sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.

Gaoth éadrom aniar aduaidh a bheidh ann.

Tá rabhadh oráiste eile eisithe ag Met Éireann agus siocán crua agus oighear á thuar acu óna 6pm tráthnóna go dtí meán lae Dé hAoine i dtrí chúige – Laighin, Connachta agus Mumhain chomh maith le contaetha an Chabháin agus Mhuineacháin. Meastar go mbeidh an teocht cúig chéim faoin reophointe agus é ag sioc go gaineamh rua agus leac oighir forleathan.

Tá rabhadh buí oighir i bhfeidhm sna sé chontae ar an taobh eile den teorainn go dtí 11.00 AM inniu – Aontroim, Ard Mhacha, Tír Eoghain, Fear Manach, Doire agus an Dún.

Tá sneachta agus flichshneachta a thuar i gCúige Uladh anocht ach beidh sé tirim sa gcuid eile  den tír.

Seasfaidh an rabhadh oráiste deiridh a eisíodh go dtí meán lae inniu – fainic faoi theocht íseal agus oighear ar bhóithre is ar chosáin i 19 contae.

Nuair a lagfaidh an ghaoth le titim na hoíche d’fhéadfadh paistí ceo seaca a bheith in áiteanna, rud a cheilfidh léargas ar lucht tiomána. T

Táthar ag tuar go mbeidh an teocht chomh híseal le seacht gcéim faoin reophointe sa gcuid is mó den tír anocht. Ní bheidh sé baileach chomh nimhneach fuar le cósta má ardaíonn brat ceo leis an leoithne luaineach éadrom isteach den fharraige, rud a d’fhágfadh an teocht idir an reophointe agus dhá chéim faoi.

D’fhéadfadh ceo a bheith in áiteanna ar feadh tamaill maidin amárach ach lá tirim atá á ghealladh sa gcuid is mó den tír cé go bhféadfadh corrmhúr a bheith le cósta agus go scaipfeadh na ceathanna sin ar fud an iarthair san iarnóin. Tráthnóna fuar feanntach a bheidh againn agus an teocht idir céim amháin agus ceithre chéim s cionn an reophointe. Gaoth éadrom aniar aneas a bheidh ann.

Beidh an teocht idir -3 agus +2 oíche Dé hAoine, beidh sé tirim seachas múráil bháistí agus flichshneachta san iarthar.

Lá breá gréine a bheidh againn ar an Satharn seachas corrmhúr sa deisceart agus san iarthar. Beidh biseach beag ar an lá agus an teocht idir dhá chéim agus ceithre chéim os cionn an reophointe ar fud na tíre agus d’fhéadfadh an deisceart a bheith níos teo, idir 7 agus 8 gcéim os cionn an reophointe.  Éireoidh sé scamallach le titim na hoíche.

Éiginnte go maith atá lucht na haimsire faoin oíche Dé Sathairn agus an Domhnach go fóill ach go bhfuil chuile chosúlacht air go dtabharfaidh an ghaoth aniar aneas báisteach agus aimsir níos boige chugainn ar feadh scaithimh.

 

Fág freagra ar 'Rabhadh oráiste eile le tosú tráthnóna, siocán crua agus oighear á thuar'