Rabhadh buí báistí eisithe do chontaetha Chorcaí agus Chiarraí

Beidh sé ina bháisteach an oíche ar fad anocht agus d’fhéadfadh tuilte a bheith anseo agus ansiúd san iardheisceart

Rabhadh buí báistí eisithe do chontaetha Chorcaí agus Chiarraí

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá rabhadh buí báistí eisithe ag Met Éireann do chontaetha Chorcaí agus Chiarraí agus díle bháistí á tuar san iardheisceart ó dheireanach anocht go dtí maidin amárach.

Beidh an rabhadh stádas buí i bhfeidhm óna ceathair a chlog inniu go dtí a deich a chlog maidin amárach agus is ar thalamh ard agus ar na sléibhte is measa a bheidh an bháisteach sin.

Bhí rabhadh buí gála eisithe chomh maith ag Met Éireann don chósta thoir óna haon a chlog inniu.

Tráthnóna inniu a bhuailfidh an bháisteach cósta an Atlantaigh agus déanfaidh sí a bealach soir as sin go tráthnóna sa leath thiar den tír agus beidh sé ina bháisteach sa leath thoir le titim na hoíche.

Beidh sé gaofar chomh maith leis an mbáisteach agus idir 10 agus 13 céim Celsius is airde a bheidh an teocht.

Beidh sé ina bháisteach an oíche ar fad anocht agus d’fhéadfadh tuilte a bheith anseo agus ansiúd san iardheisceart. Beidh ceo ar na cnoic agus le cósta agus gaoth láidir aneas ann agus d’fhéadfadh siotaí láidre a bheith le cósta atá rite.

Ní bheidh sé aon fhuacht ann anocht agus an teocht idir 8 agus 11 céim Celsius.

Fliuch gaofar a bheidh sé maidin amárach agus an bháisteach sin trom sna contaetha ar chósta an Atlantaigh.

Beidh corrthamall tirim i lár tíre le teacht an tráthnóna ach beidh sé ina cheo sna contaetha ar an gcósta thiar agus ó dheas agus paistí brádáin agus ceobhráin tríd.

Beidh sé deas bog amárach agus an teocht idir 13 agus 15 céim Celsius.

Luaineach go maith a bheidh an aimsir Déardaoin chomh maith ach táthar ag súil le triomach faoin Aoine agus ag an deireadh seachtaine.

Beidh sé deas bog ach tá fuacht á ghealladh i dtús na seachtaine seo chugainn agus baol seaca san oíche.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí báistí eisithe do chontaetha Chorcaí agus Chiarraí'

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Go sábhâla Dia sin. Ní chuirfimíd ár gceann an doras tar éis an méid sin a chloisint.

  • teaimí

    Titfidh an spéir ar an talamh. Beidh muirthéacht ann. Ár-maggedon.