Putin ‘imithe glan as a mheabhair!’, a deir Trump

Le trí lá anuas tá an t-aerionsaí is mó a rinne an Rúis in aghaidh na hÚcráine sna trí bliana den chogadh

Putin ‘imithe glan as a mheabhair!’, a deir Trump

Tá Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin cáinte ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, de bharr na n-ionsaithe airm agus drón is déanaí a rinne arm na Rúise ar an Úcráin.

Deir fórsa cosanta aeir na hÚcráine gur éirigh leo formhór na ndrón agus na ndiúracán a thabhairt chun talún ach gur maraíodh dhá dhuine dhéag sna hionsaithe.

“Bhí caidreamh an-mhaith agamsa i gcónaí le Vladimir Putin na Rúise, ach tá rud éigin tarlaithe dó. Tá sé imithe glan as a mheabhair!” a phostáil Trump ar na meáin shóisialta.

“Tá sé ráite agamsa i gcónaí go bhfuil sí ar fad [an Úcráin] ag teastáil uaidh agus ní taobh le cuid di, ach má dhéanann sé sin, scriosfar an Rúis!”

Le trí lá anuas, tá os cionn 900 drón agus 93 diúracán éagsúil scaoilte ag fórsaí na Rúise leis an Úcráin.

I ráiteas ó údaráis mhíleata na hÚcráine deirtear gur ionsaigh arm na Rúise 13 réigiún san Úcráin, ionsaithe a scrios os cionn 80 teach agus ba shiocair le 27 tine ar a laghad. Bhí triúr leanaí as an teaghlach céanna i réigiún Zhytomyr i measc an dáréag a maraíodh. Fágadh os cionn 70 duine leonta de bharr na n-ionsaithe.

Ní taobh le Putin a fuair liobar den teanga ó Trump mar cháin sé Zelenskyy freisin, ag áitiú nach raibh Uachtarán na hÚcráine “ag déanamh aon leas dá thír lena chuid cainte”.

“Cothaíonn chuile fhocal a thagann amach as a bhéal fadhbanna, ní maith liom é, agus b’fhearr dó éirí as.”

Cháin Zelenskyy “tost Mheiriceá” faoin aerionsaí is mó a rinne an Rúis sna trí bliana den chogadh.

Nuair a fiafraíodh de Trump an raibh aon rún aige “tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Rúis”, níor chuir sé a leithéid as an áireamh.

“Cinnte. Tá sé ag marú go leor daoine. Céard sa diabhal a tharla dó?”

Tá iarrachtaí déanta ag an Úcráin agus a comhghleacaithe san Eoraip brú a chur ar an Rúis sos comhraic 30 lá a shíniú mar chéad chéim den idirbheartaíocht chun deireadh a chur leis an gcogadh.

An mhí seo caite bhí dóchas níos mó ag an Uachtarán Trump agus dúirt sé nach gcuirfeadh sé aon smachtbhannaí eile ar an Rúis mar “go bhfuil seans ann” go ndéanfaí dul chun cinn maidir le sos comhraic.

Fág freagra ar 'Putin ‘imithe glan as a mheabhair!’, a deir Trump'

  • Gabriel Rosenstock

    Aithníonn ciaróg . . .