‘Protastúnach dob ea Crom Dubh a bhí ina chónaí sa gClochán’ – inniu Domhnach Chrom Dubh i gCiarraí

Ó DHÚCHAS: Colún seachtainiúil ina gcuirtear ar fáil scoth an tseanchais ó Bhailiúchán na Scol i gcomhar le Dúchas.ie. As Ciarraí a tháinig an seanchas faoi Chrom Dubh againn inniu…

‘Protastúnach dob ea Crom Dubh a bhí ina chónaí sa gClochán’ – inniu Domhnach Chrom Dubh i gCiarraí

Protastúnach dob ea Crom Dubh a bhí ina chónaí sa gClochán. Bhí beirt bhráthar ag tógaint sáipéil in aice an Chlocháin ach ní raibh a ndóthain airgid acu. Ansan chuaigh bráthair go dtí Crom Dubh ag lorg airgid air. ‘Níl aon airgead agam,’ arsa Crom Dubh ‘ach tá tarbh taobh istigh den gheata insa pháirc agus beirigí libh é más féidir libh.’

Do bhí an tarbh chomh dána san ná ligfeadh sé éinne in aice leis. Bhíodar chun an tarbh do mharú. Chuaigh bráthair acu isteach go dtí an tarbh agus chuir sé a lámh air agus má chuir d’fhan an tarbh socair. Thugadar amach an geata é agus nuair a chonaic Crom Dubh an bráthair mheas sé an tarbh do bhaint díobh. Thug an bráthair páipéar agus peann luaidhe dó agus d’fhiafraigh sé de dá méadódh an páipéar an tarbh an mbeadh sé acu agus do cheadaigh Crom Dubh dó san.

Thug Crom Dubh an tarbh isteach ins an ghairdín, an áit ina raibh an scála. Chuir sé an páipéar agus an tarbh isteach ins an scála. Do mhéadaigh an páipéar an tarbh. Ansan do mhairbh na bráithre an tarbh agus dhíol siad feoil an tairbh agus bhí an t-airgead acu chun an sáipéal do thógaint.

Nuair a chonaic Crom Dubh é sin d’iompaigh sé ina Chaitliceach. Ba é sin an Domhnach deireanach de mhí Iúil agus sin é an chúis go bhfuil an pátrún ann ó shin.

– Seán Ó Bric,
Scoil Bhaile Dhuinn,
Corca Dhuibhne.
Co Chiarraí a fuair an t-eolas seo óna sheanathair a bhí 82 bliain ag an am

Fág freagra ar '‘Protastúnach dob ea Crom Dubh a bhí ina chónaí sa gClochán’ – inniu Domhnach Chrom Dubh i gCiarraí'

  • Mícheál Ó Ruairc

    ‘Seán Ó Bric, Bréanainn, An Leitriúch, Co. Chiarrai’ agus ní ‘Corca Dhuibhne’ ba chirte a rá.

  • An Préachán liath

    An shuimúil ar fad! Beidh Féile na Lughnasa ag siúl anocht ag ceiliúradh an éacht seo mar a bhíonn gach bliain sa Chlochán! Fáilte roimh cách ar ndóigh!