Príomhoide Choláiste Eoin ‘an-churtha amach’ ag tuairisc mhíchruinn faoin scoil

Daltaí Choláiste Eoin buartha gur cuireadh a scoil in iúl mar áit a bhí “trí chéile, ina raibh daltaí míshona ann agus leatrom á dhéanamh ar dhaoine”.

7/2/2012. President visits Schools
Finín Máirtín, Príomhoide Choláiste Eoin. Pictiúr: Photocall IrelandBa scéal míchruinn a scaipeadh faoi cheardlann faoin mbulaíocht homafóbach a bheith ‘curtha ar ceal’ i gColáiste Eoin ba mhó ba chúis leis an gconspóid ina raibh an scoil sáite le cúpla lá anuas.

Ba scéal míchruinn a scaipeadh faoi cheardlann faoin mbulaíocht homafóbach a bheith ‘curtha ar ceal’ i gColáiste Eoin ba mhó ba chúis leis an gconspóid ina raibh an scoil sáite le cúpla lá anuas.

Dúirt Príomhoide na scoile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath gur chuir sé isteach go mór air gur thug an grúpa a bhí leis an gceardlann a thabhairt, ShoutOut, le tuiscint ar a suíomh idirlín agus do na meáin go raibh an cheardlann curtha ar ceal, nuair is curtha ar ‘athló’ a bhí sí.

Bhí daltaí na scoile an-churtha amach faoin scéal chomh maith, a dúirt Máirtín agus é ag caint ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.

Bhí na daltaí buartha gur cuireadh a scoil in iúl ar na meáin agus ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas mar áit a bhí “trí chéile, ina raibh daltaí míshona ann agus leatrom á dhéanamh ar dhaoine”.

Dúirt an Príomhoide gur bhraith na daltaí amhlaidh mar go raibh siad an-bhródúil as cé chomh “measúil” agus “tuisceanach” a bhíonn siad “ag tabhairt aire dá chéile”.

Dúirt Máirtín gur cuireadh an cheardlann ar athló toisc gur “ródhéanach” a chuaigh an scéal amach chuig tuismitheoirí go raibh a leithéid beartaithe agus mar gur chuir “seisear nó seachtar” tuismitheoirí a n-imní faoi chuairt ShoutOut in iúl don scoil.

Ní raibh scéal faighte faoin gceardlann ach ag timpeall dhá thrian de thuismitheoirí na ndaltaí a bhí le bheith páirteach ann agus níor theastaigh ón scoil go mbraithfeadh aon dalta “aonaraithe” toisc gan cead a bheith acu freastal uirthi.

Maidir leis an mbulaíocht homafóbach agus na scéalta go rabhthas ag iarraidh go dtabharfaí ‘an dá thaobh den scéal’ faoin mbulaíocht homafóbach ag an gceardlann, dúirt Máirtín nach raibh “aon dá thaobh ann” nó “aon dá dhearcadh ann”.

Dúirt an Príomhoide nár míníodh go beacht ar an bhfógra a chuaigh amach ón scoil faoin gceardlann gur le bulaíocht homafóbach go sonrach a bhain sí agus go mb’fhéidir go raibh míthuiscint i measc roinnt bheag tuismitheoirí dá bharr gur cúrsaí LGBT go ginearálta a bhí le plé.

Dúirt sé gur luaigh cuid de na tuismitheoirí a bhí buartha faoin gceardlann “éiteas Caitliceach” na scoile.

Fág freagra ar 'Príomhoide Choláiste Eoin ‘an-churtha amach’ ag tuairisc mhíchruinn faoin scoil'

  • Tuigim

    Leatrom?
    Cé a chreidimid?
    An príomhoide nó Shout Out?
    Tuigim go gcreideann Tuairisc.ie Finín.
    B’fhéidir go raibh míthuiscint ann ACH
    tuigeann an tír is an domhan Ethos Caitliceach.
    Tuigeann siad an troid idir cearta daonna agus dogma.
    Ní oibreoidh an Béal Bocht.

    Tar amach le ráiteas láidir ar son LGTB agus i gcoinne Bulaíocht
    agus iarr ar dhaoine fáil réidh le Dialathas agus beidh meas ag an domhan oraibh arís.
    Ardmheas do na daltaí sa scoil. Tá meas ag an domhan orthu.

    ‘Dúirt Máirtín gur cuireadh an cheardlann ar athló toisc gur “ródhéanach” a chuaigh an scéal amach chuig tuismitheoirí go raibh a leithéid beartaithe agus mar gur chuir “seisear nó seachtar” tuismitheoirí a n-imní faoi chuairt ShoutOut in iúl don scoil.’

    Admhaigh an botún. Abair, Bord Bainistíochta, go bhfuil brón oraibh agus go bhfuil ceacht le foghlaim agaibh. Tar amach go láidir ar an taobh ceart. Seas ar son cearta daonna.

  • Breandán Ó hAnnaidh

    Well, is léir nach gceadóidh an tráchtaire caolaigeanta thuas ethos caitliceach nó dearcadh at bith eile seachas a dhogma féin.

    • Tuigim

      Ní dogma atá agamsa. Cearta daonna atá uaim don tír.
      Tá iompúchán ar siúl sna scoileanna is níl sé ceart ná cóir.
      Tá an rialtas as bealach ag tabhairt an chumhacht don Eaglais.

  • Daithí ó Maitiú

    Is iarr scolair mé agus ghoill sé go mór orm , Ainm fínín a Bheith I mbéal an phobail do na cuiseanna mhí ceart . Is fear uasail ,brodúil é a thúgann gach aon saghas deis do chúile dalta a fhreastlaíonn ar an scoil . Le bheith fírrineach , is docha go raibh eagóir mór deanta I gcoinne na scoile agus a gcuid bainistiochta I dtaobh na scéalta searbh agus mhíchruinn seo a scaipeadh ar fud na tíre . Tá mé lan cinnte go bhfuil an dearcadh seo le brath sa tromlach do an daltaí atá I gcoláiste eoin anois I lathair na huaire . Bá chóir go gcreid an slua a cheap gur mhuintir coal-aigeantach muid I gcoláiste eoin , na daltaí féin seachas paipéar nuachta, droch iriseoireacht agus bolscaireacht , sular eirigh rudaí as smacht leis an raiméas seo . Is fear méasúil , tuiscineach é Fínín nach chóir go mbeadh faoi ionsadh ag an bpobal ach a mhalairt . Daithí ó Maitiú