M’asal beag dubh teiripe…
B’iontach an smaoineamh é an PopUp Gaeltacht, áit a dtagann daoine le chéile i dtithe ósta nó áiteanna eile taobh amuigh den Ghaeltacht le bualadh le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu agus comhrá a dhéanamh leo. Ach céard a dhéanfaidh tú más duine ciúin thú atá ag iarraidh do chuid Gaeilge a chleachtadh?
Sin é an dúshlán a bhí roimh Robert Wallace, áisitheoir eachaí, a bhfuil feirm asal agus gabhar teiripe aige, Kinedale Donkeys, i mBaile na hInse i gcontae an Dúin. Deir sé gur duine ciúin é féin agus go bhfuair sé deacair é a ghabháil ag ócáid i bpub agus comhrá a bheith aige i nGaeilge le daoine nach raibh aon aithne aige orthu.
An réiteach a bhí aige ar an bhfadhb ná tús a chur le himeachtaí preab-Ghaeltachta ar an bhfeirm. Feirm speisialta atá á rith ag Wallace, áit a bhfuil traenáil faighte ag na hasail mar ainmhithe teiripe, ciallaíonn sé sin go bhfuil siad compordach thart ar dhaoine agus bíonn deis ag daoine a théann ar cuairt ar an bhfeirm am a chaitheamh leo.
Chuir sé tús leis na himeachtaí tuairim is bliain ó shin agus tá ag éirí go maith leis, a deir sé i bhfíseán atá roinnte ag The Irish News ar YouTube.
Tá a chruthúnas sin le feiceáil sna léirmheasanna atá tugtha ag daoine ar na himeachtaí ar TripAdvisor agus ardmholadh faighte ag an bpreab-Ghaeltacht feirme.
Mar a scríobh léirmheastóir amháin, “Robert, his wife and his family made us feel so welcome! They provided us a safe space to try out our Irish skills, put on food and even had a little tipple of Whiskey!”
Thosaigh Wallace féin ag foghlaim Gaeilge roinnt blianta ó shin ach deir sé nach raibh mórán deiseanna aige a chuid Gaeilge a chleachtadh. Baineann sé le cúlra Protastúnach, agus deir sé cé go mbíonn daoine ag déanamh iontais dhe sin agus é ag foghlaim Gaeilge, nach tada nua é.
“My great-grandfather spoke it. We were able to find out in the 1901 Census, his whole family on the family farm on the Fermanagh-Monaghan border spoke it, and my Dad says he does remember his grandfather counting in Irish.”
Bíonn am leis na hainmhithe mar chuid de na himeachtaí preab-Ghaeltachta ar an bhfeirm, ruainne ceoil agus deis ag daoine an Ghaeilge atá acu a chleachtadh, ach ní chuireann sé brú ar dhaoine a bheith ag caint mura n-airíonn siad féin réidh chuige fós.
“If you don’t speak to a person, you can always speak to a donkey, is what I say,” an chomhairle atá ag Wallace don té a bheadh neirbhíseach ag tosú amach.
***
Aon seans ann gur dhíbir Naomh Bríd na slaighdeáin?
Anois agus ceiliúradh déanta ar Lá Fhéile Bríde, agus tús curtha leis an Earrach, cé nach bhfuil a chosúlacht sin air go fóilleach, tá sé in am ag na slaghdáin, na casachtaí céad lá agus na víris imeacht leo. Os rud é gur dhíbir Naomh Pádraig na nathracha nimhe amach as Éirinn, an bhfuil aon seans ann gur dhíbir Naomh Bríd na slaghdáin, ach nár chuala muid faoi?
Gheall sí feabhas ar an aimsir, tá a fhios againn an méid sin. Beidh aimsir bhreá ann gach dara lá ó mo lá-sa amach a gheall sí, agus muid cheithre lá isteach sa mhí anois, ní raibh sí i bhfad amach ón mharc. An t-aon fhadhb atá ann ná nach bhfuil a fhios agam cá gcuirfinn gearán isteach mura gcomhlíonfar an gheallúint. Níl aon naomhbrid@gmail.com againn ná líne chabhrach go bhféadfaí glaoch uirthi. Mura ngabhfá ag guí go díreach, agus is dóigh go bhfuil a ndóthain le déanamh ag na naoimh gan a bheith ag éisteacht le achainí ag iarraidh aimsir bhreá.
Caitheamh aimsire eile do mhí Feabhra seachas a bheith ag faire ar an aimsir féin, ná a ghabháil ag tóraíocht péacáin lusanna an chromchinn ag gobadh aníos. Chonaic mé cúpla ceann anseo is ansiúd i gcathair na Gaillimhe le cúpla lá anuas agus tá tuairisc agam as Ros Muc go bhfuil siad le feiceáil ann freisin. Coinneoidh sé sin ag imeacht muid cúpla seachtain eile nó go bhfeicfidh muid na bachlóga ag teacht orthu.
Caitheamh aimsire eile don mhí seo ná súil a choinneáil ar an síneadh atá ag teacht ar an lá. Tá sé geal anois go dtí théis a cuig a chloig sa tráthnóna agus beidh uair a chloig eile leis an tráthnóna faoi dheireadh na míosa. Ní bheidh na maidineacha chomh dorcha ach an oiread. Údar dóchais eile. Tá muid beagnach ann.
Rossa Ó Snodaigh
Nach ait is nach iontach an scéil seo.
B’fhearr liom Tob-Ghaeltacht ná preab-ghaeltacht mar go bhfuil an réamír Tob- (ó toban) in úsáid chun Tob-Shiopa (pop-up shop) agus Tob-chumadh (improvisation).