Preab bainte as Comhairleoirí Chonamara ag ceist faoin N59

Vóta tacaíochta don N59 caite de bharr ceist ó bhall toscaireachta a bhain siar as comhairleoirí Chonamara

Preab bainte as Comhairleoirí Chonamara ag ceist faoin N59

Bhain ceist a chuir ball de thoscaireacht Feachtas Gnímh an N59 preab as Comhairleoirí Contae Cheantar Bardasach Chonamara.  D’fhiafraigh Máirín Mhic Lochlainn díobh an rabhadar dáiríre ag tacú le forbairt an N59, an príomhbhóthar idir Gaillimh agus an Clochán.

Bhí cuid de na Comhairleoirí chomh curtha amach sin de bharr na ceiste seo gur ritheadar rún d’aon ghuth ag deimhniú go rabhadar “ag tacú go hiomlán” leis an bplean forbartha don N59 idir Uachtar Ard agus an Clochán.

Dúirt an Comhairleoir Séamus Breathnach go gcaithfeadh na Comhairleoirí machnamh a dhéanamh ar an dearcadh atá ag an bpobal orthu.  “Cuireann sé rud orm go raibh amhras ar an dream sin againn féin – an toscaireacht – ar an dearcadh atá againn mar Chomhairleoirí do Chonamara ar fheabhsú an N59.  Caithfear féachaint le hobair a thosú go ríghairid.   Sin é an t-aon rud a shásóidh pobal Chonamara,” a dúirt Séamus Breathnach.

Dúirt an Comhairleoir Thomas Welby gur thug sé féin suntas don cheist a cuireadh.  “D’fhéadfá an tuiscint a bhaint as go rabhthas in amhras faoi dháiríreacht na gComhairleoirí Contae,” a deir Welby.

Ghlac an Comhairleoir Niamh Byrne buíochas leis an toscaireacht ó Choiste Gnímh an N59, ach dúirt sí nach maith a thaitin sé léi gur ceistíodh na Comhairleoirí faoina dtacaíocht do phlean forbartha an bhóthair sin.  “Tá muid 100% i bhfabhar forbairt an bhóthair ach thuigfeá ón gceist a cuireadh orainn nach raibh trust ag an toscaireacht as na Comhairleoirí,” a dúirt an Comhairleoir Niamh Byrne.

Tar éis na cainte sin mhol an Comhairleoir Séamus Breathnach go rithfí rún d’aon ghuth ag dearbhú go dtacaíonn Comhairleoirí Contae Chonamara le plean forbartha an N59 agus chuidigh an Comhairleoir Thomas Healy leis.  Glacadh leis an rún d’aon ghuth.

Tuigtear go raibh an cruinniú idir an toscaireacht agus na Comhairleoirí agus feidhmeannaigh shinsearacha as an gComhairle Contae cairdiúil go maith ach nár leagadh fiacail ar chuid den chaint. Mheabhraigh Josie Conneely, iarchomhairleoir contae, do na Comhairleoirí go dteastódh gníomhaíocht láidir as éadan.  Dúirt sé leo gur éirigh le Coiste Gnímh an N59 cruinniú a shocrú leis an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross, cruinniú a bheidh ann an tseachtain seo chugainn.   Ní raibh na Comhairleoirí gafa an fhaid sin, a dúirt sé.

Dúirt cuid acu go rabhadar ag cruinnithe le húdarás na mbóithre náisiúnta, an TII anois,  agus go raibh a ndícheall déanta acu.

Chuir an toscaireacht ceithre cinn déag d’éilimh os comhair na gComhairleoirí Contae agus na bhfeidhmeannach agus pléadh iad sin ag an gcruinniú foirmeálta a bhí ann ina dhiaidh sin.  Thug an ceannasaí gníomhach ar chúrsaí bóithre sa gComhairle Contae, Michael Timmins, freagraí ar na héilimh sin.

Dúirt an tUasal Timmins go mbeadh obair shealadach fheabhsúcháin á déanamh ar an bpíosa bóthair as Uachtar Ard siar thar bhaile na Léime – achar 10 gciliméadar – i mbliana. 

Líonfar gleannta sa mbóthar, cuirfear gaineamh agus meascán ábhar sa dromchla agus brat tarra ina dhiaidh sin.  Déanfar an tríú cuid den obair roimh an samhradh agus an chuid eile tar éis an tsamhraidh, a dúirt Michael Timmins.  Tá dearadh agus plean á leagan amach faoi láthair, a dúirt sé, agus ní bheifear ag déanamh socruithe faoin airgead nó go mbeidh an phleanáil sin réitithe.

Ní raibh an Comhairleoir Contae, Séamus Breathnach sásta go mbeadh aon mhoill i gceist. 

“Cé lena aghaidh an dearadh agus an tomhas agus an phleanáil? Cur amú airgid agus ama atá ansin.  Tá an bóthar ansin agus níl le déanamh ach a dhul ina éadan. Ní bóthar nua atáthar a fhorbairt,” a dúirt Séamus Breathnach, arb innealtóir é féin. 

Bhí an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin ar an intinn chéanna:  “Cén dearadh atá i gceist ar an mbóthar? Tá an bóthar ansin cheana féin; obair phraiticiúil atá ag teastáil anois,” a dúirt Ó Cualáin.

Chuaigh an Comhairleoir Ó Cualáin géar ar an anonn agus anall atá ag baint le ceist an bhóthair.  “Tá súil agam nach bhfuil an Chomhairle Contae sin againn ag damhsa port Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,” a dúirt sé.

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Bardasach Chonamara, Noel Thomas, an milleán faoin gconspóid agus an mhoill a bhaineann le forbairt an N59 ar Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.  “Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn agus anall leis. Is ar chrann na Seirbhíse sin atá an milleán ag titim agus is mór an náire é,” arsa an Comhairleoir Thomas.

Ba iad Seosamh Ó Cuaig, Josie Conneely, Máirín Mhic Lochlainn, Mánus Ó Conaire agus Gerry King a bhí ar thoscaireacht Fheachtas Gnímh an N59.

Maidir leis an stráice bóthair as an Teach Dóite siar chun an Chlocháin, dúirt an Stiúrthóir Gníomhach ar Chúrsaí Bóthair sa gComhairle Contae, Michael Timmins, nach bhfuil socrú déanta fós faoin gcaoi a dtabharfar an dara hiarraidh faoi fhorbairt an phíosa sin den bhóthar. 

Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead forbartha i mí na Bealtaine seo caite.

Ceaptar go mbeidh plean oibre réitithe le haghaidh giota cúig chiliméadar soir ón Teach Dóite i dtreo cheantar na Léime – an bóthar i dtreo Uachtar Ard – sa bhfómhar seo chugainn.  Ach caithfear a dhul sa tóir ar chonraitheoirí ina dhiaidh sin agus sa tóir ar airgead ina dhiaidh sin arís.