Post do ‘chartlannaí Chonradh na Gaeilge’ fógartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ord agus eagar a chur ar bhailiúchán an Chonartha ó bunaíodh an eagraíocht beagnach 125 bliain ó shin go dtí an lá atá inniu cúram an chartlannaí

Post do ‘chartlannaí Chonradh na Gaeilge’ fógartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Táthar ag lorg cartlannaí le haire a thabhairt do chartlann fhairsing Chonradh na Gaeilge atá á coinneáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá post fógartha ag an ollscoil do chartlannaí a bheadh ag plé go sonrach leis an gcartlann a tugadh ar láimh don ollscoil an mhí seo caite.

Beidh ar an té a cheapfar ord agus eagar a chur ar an 521 bosca atá i mbailiúchán an Chonartha a bhfuil ábhar iontu ó bhunú na heagraíochta beagnach 125 bliain ó shin suas go dtí an lá atá inniu ann.

Beidh an cartlannaí nua lonnaithe i Leabharlann James Hardiman ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcathair na Gaillimhe agus ní mór cáilíocht sa chartlannaíocht nó aitheantas ó Chumann Cartlann agus Taifead, Éire a bheith ag an duine.

Is cainteoir cumasach Gaeilge a bhfuil ardscileanna teanga idir Ghaeilge labhartha, scríofa agus léite aige atá ag teastáil don phost nua agus beidh ar iarratasóirí measúnú Gaeilge a dhéanamh.

Teastaíonn sárchumas ríomhaireachta chomh maith le taithí phraiticiúil ar chaomhnú cáipéisí agus scileanna eile cartlannaíochta.

Tuarastal suas le €57,511 a íocfar leis an gcartlannaí.

Tá súil ag an gConradh go mbeidh “léargas dosháraithe ar ghnéithe teangeolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an am a caitheadh in Éirinn” le fáil sa chartlann.

“In ainneoin go bhfuil staraithe, an lucht acadúil agus scoláirí ag cur spéise i gcartlann Chonradh na Gaeilge le blianta fada anuas, níor tuigeadh go hiomlán go dtí le himeacht ceart aimsire an luach a bhí leis an gcartlann chéanna.

“An té a chaitheann am ag breathnú trí ábhar na cartlainne, aithneoidh sé nó sí láithreach go bhfuil insint faoi leith ann ar thréimhse chinniúnach i stair na tíre seo. Anois, leis na pleananna atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le catalógú agus digitiú an ábhair, beidh an tseoid seo ar fáil go forleathan,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Tá ábhar agus comhfhreagras i gcartlann Chonradh na Gaeilge nach bhfacthas cheana agus a bhaineann le daoine a raibh baint acu le Conradh na Gaeilge i stair na heagraíochta, daoine amhail Dubhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ághas. Tá cáipéisí ann chomh maith ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, gearrthóga nuachtán agus ábhar a bhain le feachtais Ghaeilge éagsúla.

Fág freagra ar 'Post do ‘chartlannaí Chonradh na Gaeilge’ fógartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'