An bhliain ar cuireadh deireadh le scoilt an chogaidh chathartha sa bpolaitíocht? Nó an bhliain ar chuir galar marfach agus géarchéim dhomhanda faoi ndeara do pholaiteoirí suí síos le chéile, más go drogallach féin é.
Ní raibh na tuairiscí as an tSín ach ina dtús le linn fheachtas an olltoghcháin i mí Eanáir seo caite. Olltoghchán a bhain croitheadh as an saol polaitiúil trí chéile agus a léirigh amhras agus míshásamh na ndaoine leis an aicme pholaitiúil.
Nuair a foilsíodh pobalbhreith iarvótála ar an 8 Feabhra is dona a chreid go leor againn go bhféadfadh an scéal a bheith amhlaidh. Ní raibh Fianna Fáil agus Fine Gael i gceannas ar an saol polaitiúil níos mó – go deimhin ba mhar a chéile iad. Bhí an tríú himreoir ar an bpáirc – Sinn Féin. Bhí aiséirí déanta ag Comhaontas Glas a scriosadh in 2011.
Thóg sé as sin go deireadh mhí an Mheithimh rialtas a chur le chéile. Labhraíodh ar rialtas náisiúnta. Labhraíodh ar chomhghuaillíocht den eite chlé in éineacht le Sinn Féin. Dúirt Fianna Fáil agus Fine Gael nach labhróidís le Sinn Féin. Ba léir nach raibh mórán fonn orthu labhairt lena chéile ach an oiread.
Idir an dá linn bhí daoine a raibh a gcuid suíochán caillte acu ag feidhmiú i gcónaí mar airí rialtais. Rialtas géarchéime a bhí ann a gcaithfear moladh áirithe a thabhairt dóibh as gníomhú gan mhoill nuair a fuair siad tuiscint ar phráinn na géarchéime sláinte. Faoin am ar ceapadh go raibh an víreas beagnach faoi smacht ag tús an tsamhraidh is ea a dhírigh na páirtithe dáiríre ar rialtas a chur i dtoll a chéile.
Rialtas é a bhfuil saol sách corrach caite acu le tamall de mhíonna. Cé is moite den ghéarchéim sláinte bhí corraíl inmheánach shuntasach sa gComhaontas Glas faoi ghlacadh le clár rialtais. Bhí, agus tá, Fianna Fáil trína chéile mar gur theastaigh uathu, thar aon ní eile, a bheith ar ais i rialtas ach go gcítear dóibh nach bhfuil smacht acu ar an rialtas.
Níor thaitin comhrialtas leis an bpáirtí riamh. An chéad lá chuir an Taoiseach nua díomá ar Theachtaí Dála an iarthair nuair nár thug sé aireacht shinsir don taobh sin tíre. Chaill siad Aire Talmhaíochta (Barry Cowen) sciobtha go maith nuair a dhiúltaigh sé cuntas a thabhairt don Dáil faoin eachtra inar ciontaíodh é as tiomáint faoi thionchar an óil.
Ansin eagraíodh dinnéar ar an gClochán a chuir an saol trína chéile agus a bhfuil na himpleachtaí a bhaineann leis fós ag baint suaitheadh as an saol polaitiúil. Chaill muid Aire Talmhaíochta eile (Dara Calleary). Chaill muid Coimisinéir Eorpach. Chaill muid leaschathaoirleach an tSeanaid. Tarraingíodh an Príomhbhreitheamh, an Chúirt Uachtarach agus breitheamh eile de chuid na cúirte sin isteach sa gconspóid. Cé gur glacadh leis nach raibh “mí-iompar agus míthreoir” sách tromchúiseach le cur i leith Shéamus Woulfe, thug breithiúna eile le fios nach raibh muinín acu as. Bheartaigh an rialtas gan gníomhú faoi chás an bhreithimh. Dhírigh siadsan ar an bpróiseas faoinar ceapadh iarArd-Aighne ina bhreitheamh ar an gCúirt Uachtarach. Cuireadh faoi ndeara don Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee teacht os comhair na Dála le ceisteanna a fhreagairt faoi sin.
I rith an ama ba léir gur dheacair leis an Tánaiste a chreidiúint nach bhfuil sé ina Thaoiseach níos mó.
Eoin Ó Murchú
Mo léan, a Mháirín, tá míniú níos simplí ann. Tháinig FF agus FG le chéile d’fhonn Sinn Féin a choinneáil amach. Ní raibh fís ar bith eile acu.
Seán Mag Leannáin
“Cé gur glacadh leis nach raibh ‘mí-iompar agus míthreoir’ sách tromchúiseach le cur i leith Shéamus Woulfe, thug breithiúna eile le fios nach raibh muinín acu as.” Ach bhí sé sách tromchúiseach le haghaidh éirí as Aire Talmhaíochta agus éirí as Choimisinéir Eorpach. Cén fáth nach mbeadh sé sách tromchúiseach le haghaidh éirí as, nó le cur as oifig, breitheamh den Chúirt Uachtarach? Is léir faoi Airteagal 35(4)(1) go bhfuil an chumhacht ag an Oireachtas breitheamh a chur as oifig.
“Airteagal 35 (4)(1). Ní cead breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc ná den Ard-Chúirt a chur as oifig ach amháin de dheasca mí-iompair nó míthreorach a luafar, ná an uair sin féin mura rithid Dáil Éireann agus Seanad Éireann rúin á éileamh é a chur as oifig.”
Is léir nach raibh an toil, ná an chnámh droma, ag an rialtas an ruaig a chur ar Woulfe, iar-Ard Aigne de chuid Fhine Gael agus iar-bhall den pháirtí.