‘Portráidí Criathraigh’ Ros Muc le feiceáil in Madrid agus California

Tá gearrscannán faoi na portráidí a ghearr an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta sa bportach i Ros Muc le taispeáint ag féilte scannáin

‘Portráidí Criathraigh’ Ros Muc le feiceáil in Madrid agus California

Tá gearrscannán faoi íomhánna de Bhridget Aylward (nó Bríd Ní Mhainnín roimh phósadh di) agus an damhsóir Cóilín Sheáin Dharach Seoige a rinneadh sa bportach i Ros Muc – roghnaithe le taispeáint ag féilte idirnáisiúnta scannán in Madrid na Spáinne agus in Venice i gCalifornia Mheiriceá. Taispeánfar Portráidí Criathraigh ag an bhféile FilmArte, a bheidh ar bun in Madrid idir an 18 -24 den mhí seo, agus arís le linn an Venice Fine Arts Film Festival ón 8-14 Meitheamh.

Scannáin faoi ealaíontóirí, faoin ealaín agus faoi shaol na n-ealaíon a thaispeántar ag na féilte sin. Is é Portráidí Criathraigh an t-aon scannán as an tír seo a bheidh á chur i láthair lena linn. 

An t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta, as Inis Mór, a chruthaigh an dá íomhá i Ros Muc agus a ghearr iad sa gcriathrach le cúnamh ó mhuintir na háite. Is iad Ríonach Ní Néill agus Joe Lee a stiúraigh an gearrscannán a taispeánadh den chéad uair ag ócáid a bhí ar bun ar líne ag tús mhí an Mhárta agus a bhí le feiceáil arís ar TG4 Aoine an Chéasta. Déantar cur síos sa scannán ar an mbeirt as Ros Muc a bhfuil a n-íomhánna gearrtha sa bportach agus ar an mbealach inar cuireadh na pictiúir sin i gcrích.

Beidh Portráidí Criathraigh ar cheann den 12 gearrscannán ó thíortha ar fud na cruinne, an tSín, an Tuirc agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc, a thaispeánfar le linn FilmArte, an Aoine an 23 Aibreán. Thug duine de lucht eagraithe na féile sin le fios gur i bpictiúrlann an Artistic Metropole in Madrid a bheidh na gearrscannáin uilig á dtaispeáint seachas ar líne, mar ab iondúil i gcás go leor féilte dá leithéid le bliain. Tá an lucht eagraithe tiomanta d’imeachtaí beo ag a mbíonn daoine i láthair a chur ar bun, a dúirt sé.

Mar gheall go gcaithfear cloí leis na srianta a bhaineann le Covid-19 beidh teorainn le líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an bhféile i mbliana agus ní bheidh éinne a bhfuil baint acu le scannán Ros Muc i láthair.     

Ar líne, ar an ardán Vimeo, a thaispeánfar an beagnach 100 scannán a bheidh ar bun le linn na féile in Venice i gCalifornia ón 8 go 14 Meitheamh. 

Dúirt Ríonach Ní Néill go dtugann na féilte seo ardán idirnáisiúnta do Portráidí Criathraigh. 

Aitheantas atá iontu freisin do Sheán Ó Flaithearta agus dá shaothar, don togra Turas Chonamara a bhfuil na portráidí ina gcuid dhe agus, go deimhin, do Ros Muc féin, a dúirt sí.

Beidh na portráidí criathraigh feicthe ag an domhan mór, is cosúil, agus gan iad corraithe as an bportach ar chor ar bith.

Fág freagra ar '‘Portráidí Criathraigh’ Ros Muc le feiceáil in Madrid agus California'