Port Láirge is fearr le dul i ngleic le Luimneach ach bhí réiteach gach faidhbe ag foireann Kiely go dtí seo

Is beag duine taobh amuigh de Phort Láirge a bhí ag súil le haiséirí na nDéiseach i mbliana ach tá a n-áit i gcluiche ceannais na hÉireann tuillte go maith acu

Port Láirge is fearr le dul i ngleic le Luimneach ach bhí réiteach gach faidhbe ag foireann Kiely go dtí seo

Graeme Mulchay agus Shane Fives. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann
Luimneach v Port Láirge – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ)

Is iomaí cor agus casadh a bhain le Craobh Shinsir Iomána 2020 ach, agus bliain aisteach chorrach beagnach curtha dínn againn, d’éirigh leis an dá fhoireann is fearr sa tír i mbliana cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Ní raibh aon amhras ag tús na bliana ach go mbeadh Luimneach san iomaíocht arís faoin am go dtiocfadh babhtaí ceannais na craoibhe. Seaimpíní 2018, ghoill a dteip i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh go mór orthu agus tuigeadh go maith go mbeidís dírithe ar an gcliseadh sin a chúiteamh.

Is beag duine taobh amuigh de Phort Láirge a bhí ag súil le haiséirí na nDéiseach, áfach.

Ní raibh cluiche craoibhe buaite acu ó chluiche leathcheannais na hÉireann 2017 agus nuair a ceapadh Liam Cahill ina bhainisteoir don bhliain seo, thug sé bata agus bóthar d’imreoirí a bhí tar éis an fód a sheasamh dá gcontae le roinnt blianta anuas.

Is iontach an obair atá déanta ag an Tiobraid Árannach agus ag cóitseálaí na foirne, Mikey Bevans, ó shin agus tá Port Láirge imithe ó neart go neart.

Tá tionchar fhoireann seo Luimnigh ar Phort Láirge le feiceáil ag cách. Tá na Déisigh thar a bheith aclaí, thar a beith díograiseach agus tá an stíl imeartha atá acu, na pasanna gairide sin suas an pháirc, an-chosúil le stíl Luimnigh.

D’fhéadfadh gur fheil craobh na bliana seo Port Láirge freisin. Gan aon slua i láthair, b’éasca dóibh teacht chucu féin nuair a bhíodh rudaí ag dul ina gcoinne, go háirithe sa teacht aniar dochreidte a rinne siad in aghaidh Chill Chainnigh sa chluiche leathcheannais.

Rachaidh sé chun tairbhe Phort Láirge freisin nach raibh an fuadar is an giodam céanna ann sa choicís roimh an gcluiche ceannais is a bheadh aon bhliain eile. Ní raibh daoine ag cur isteach orthu ag cuardach ticéad agus ní raibh siad ag casadh leis an méid céanna den phobal ós ag obair ón mbaile atá go leor.

Mar sin féin, is maith a thuigeann gach duine de na himreoirí sin go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le fanacht fada, breis is trí scór bliain, le Corn Mhic Cárthaigh.

Tá an an corn sin buaite ag Luimneach cheana agus is mór an chabhair a bheidh ansin dóibh tráthnóna. Bhí sé soiléir go raibh na néaróga ag cur as dóibh i gcluiche ceannais 2018. Bhí Luimneach i bhfad níos fearr ná Gaillimh den chuid is mó den chluiche sin ach is beag nár thit siad as a chéile ag an deireadh. D’éirigh leo an lá sin, áfach, agus seasfaidh an taithí sin dóibh.

Stepehn Bennett. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níl barr a maitheasa bainte amach ag foireann Luimnigh go dtí seo i mbliana ach bhí siad fós rómhaith do gach duine eile. Mar a tharla cheana, ba le dua a chuir siad foireann na Gaillimhe de dhroim seoil, cé nach raibh siadsan ag imirt go maith in aon chor, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, Luimneach a fuair na scóranna.

Tá a fhios ag Port Láirge céard atá ag teastáil chun Luimneach a stopadh agus scéal eile atá ann é sin a dhéanamh. Bhí Jack Fagan ar fheabhas ar fad ag gabháil na liathróide san aer in aghaidh Chill Chainnigh ach is i gcoinne Kyle Hayes agus Diarmuid Byrnes a bheidh sé tráthnóna, beirt fhathach.

Tá Tadhg de Búrca ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír le bliain ach ní bheidh Port Láirge buartha go ligfí cead a chinn le Cian Lynch mar leatosaí láir agus beidh orthu duine breise a chur siar chun é a mharcáil, Conor Gleeson b’fhéidir.

Is amhlaidh an cás le Luimneach agus beidh na Déisigh ag súil go mbeidh Stephen Bennett in ann Declan Hannon a bhogadh anonn agus anall.

Bhí Calum Lyons ar fheabhas ar fad go dtí seo sa chraobh chomh maith ach dúshlán de chineál eile atá roimhe agus é ag iarraidh smacht a chur ar Tom Morrissey nó Gearóid Hegarty, beirt a bheidh san áireamh do ghradam Iománaí na Bliana.

Díol suime a bhí ann ag tús na craoibhe nach mbeadh Mike Casey ná Richie English ar fáil ag Luimneach sa líne lánchúil i mbliana ach féach nach bhfuil ach trí chúl géillte sa chraobh ag foireann John Kiely, níos lú ná aon fhoireann eile.

Beidh coisíocht Jamie Barron, cumas Austin Gleeson agus cruinneas Dessie Hutchinson thar a bheith tábhachtach más le Port Láirge bearna a aimsiú trí chosantóirí Luimnigh.

Tá rith an rása le Port Láirge ón lá sin a bhfuair Luimneach an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí cuma na maitheasa orthu i gcoinne an Chláir agus go háirithe sa dara leath i gcoinne Chill Chainnigh ach scéal eile atá ann é a dhéanamh i gcoinne Luimnigh. Ní bhfaighidh siad 2-21 ón imirt mar a fuaireadar in aghaidh na gCat.

Is iad na Déisigh is fearr le dul i ngleic le sárfhoireann Luimnigh ach bhí réiteach gach faidhbe ag foireann John Kiely go dtí seo i mbliana.

Daniel Collins Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Colm O’Neill

Cluiche Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha
Aontroim v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 1pm (Beo ar RTÉ)

Is trua nach mbeidh slua i láthair agus Aontroim agus Ciarraí i gcoinne a chéile i gcluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha roimh chluiche ceannais na hÉireann ach beidh ábhar spreagtha ag an dá fhoireann mar sin féin agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcraobh shinsir na bliana seo chugainn.

Trí chluiche atá imeartha idir na foirne go dtí seo i mbliana agus gach aon cheann acu buaite ag fir Uladh. Ní raibh ach trí phointe idir na foirne i gcluiche ceannais Roinn 2A na sraithe lár mhí Dheireadh Fómhair ach buanna sé phointe agus seacht bpointe a bhí ag Aontroim sa dá chluiche eile.

Scóráil Conor McCann 2-3 ón imirt sa chluiche a bhuaigh siad ar Chiarraí sa chraobh an mhí seo caite agus d’aimsigh Ciaran Clarke naoi bpointe.

Ar ndóigh, beidh Aontroim ag déanamh a míle dícheall Shane Conway a choinneáil faoi smacht ach bhí Mikey Boyle agus Daniel Collins ar fheabhas sa chluiche a bhuaigh Ciarraí ar Cheatharlach chun ait a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Údar misnigh é ag Ciarraí go bhfuil scata cúl géillte ag Aontroim go dtí seo sa chraobh ach tá slám scóráilte ag na hUltaigh freisin – 14 i gceithre chluiche. Mura n-éiríonn le Ciarraí srian a chur leo inniu, beidh rás na Ríochta rite.

Fág freagra ar 'Port Láirge is fearr le dul i ngleic le Luimneach ach bhí réiteach gach faidhbe ag foireann Kiely go dtí seo'