Ceol breá croíúil le blas Múscraí agus magic boomerangs ag an Raw Bar Collective!

‘Ag Fógairt an Lae’ an dara dlúthcheirnín ag an ngrúpa ceoil Raw Bar Collective agus ‘Copley Street’, dlúthcheirnín álainn anall as Meiriceá, atá faoi chaibidil ag ár léirmheastóir an babhta seo

Ceol breá croíúil le blas Múscraí agus magic boomerangs ag an Raw Bar Collective!

rawbarcollective.

Is cinnte nach mbeidh aon aiféala ort má chuireann tú an dá thaifead seo le do bhailiúchán ceoil

Tá an dara dlúthcheirnín foilsithe ag an ngrúpa ceoil a thugann Raw Bar Collective orthu féin agus cosúil leis an gcéad taifead a rinne siad, Millhouse Measures, tá ceol breá croíúil le cloisteáil ar an gceann seo freisin. Is é an teideal atá ar an gceann seo ná Ag Fógairt an Lae agus tá Conal Ó Gráda le cloisteáil ar an bhfliúit, Dave Sheridan ar an bhfidil, Benny McCarthy ar an mbosca ceoil, Colm Murphy ar an mbodhrán agus an sárfhonnadóir as Béal Átha an Ghaorthaidh, Nell Ní Chróinín, ag gabháil fhoinn.

Tá cúig rian déag ar an taifeadadh nua agus éagsúlacht bhreá ann. Tá ceithre amhrán casta ag Nell agus is as a ceantar dúchais féin a thagann trí cinn acu ‘Seán ‘s a Bhríste Leathair’ a bhíodh á chasadh ag a seanathair, Tadhg Ó Riordáin, ‘Baile Mhúirne’ a chum an tOllamh Donnchadh Ó Laoghaire agus ‘Turacail Pheige Bhreátha’ a chum Pead Buí Ó Loinsigh. Casann sí an t-amhrán ‘Tá an Coileach ag Fógairt an Lae’ freisin agus an chuid eile de na ceoltóirí ag cuidiú léi.

Tá roinnt mhaith píosaí ceoil atá cumtha ag fear na fliúite Conal Ó Gráda ar an taifeadadh seo freisin agus teidil atá thar a bheith mistéireach mealltach ar chuid acu; na ríleanna ‘The Magic Boomerang’, ‘Desperate Dan’, an port ‘Maighdne Marfach Mhúscraí’ agus ‘Budgies Ball’ agus na sleamhnáin ‘The Landslide, The Rockslide, agus The Mudslide’. Tá féith an ghrinn ag Conal agus é ráite aige go dtugann sé míniú iomlán ar na teidil ar fad ag na gigeanna beo a bhíonn ag an ngrúpa!

copleystreet

Tá dlúthcheirnín álainn eile tagtha anall as Meiriceá le tamall anuas. Copley Street an teideal atá air agus beirt Mheiriceánach atá le cloisteáil air, Nathan Gourley a chasann an fhidil agus Joey Abarta a chasann an phíb uilleann agus tá tionlacan deas séimh tugtha ag fear an bhasúcaí Owen Marshall dóibh.

Is i gcathair Bhoston atá Nathan agus Joey curtha fúthu na laethanta seo cé gur as Los Angeles ó dhúchas do Joey agus is i Minnesota a d’fhás Nathan suas. Tá blas an-traidisiúnta air an gceol ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo agus éagsúlacht bhreá air.   Chuala mé ráite go minic é ag na seancheoltóirí gurb iad an fhidil agus an phíb uilleann an dá uirlis is deise a théann le chéile sa díséad agus chaithfinn a rá go mbeadh Joey agus Nathan ag barr an liosta ag aon duine a bheadh ag iarraidh fírinne an ráitis sin a chur os ár gcomhair.

Tá an ceol chomh dlúth le chéile ag na ceoltóirí seo go gceapfá gur ceoltóir amháin atá ag casadh go minic agus is léir go gcasann siad go leor ceoil lena chéile. Is i dteach ósta atá suite ar Shráid Copley a chasann siad formhór a gcuid ceoil, sráid, go deimhin, a chuala neart ceoil san am a caitheadh mar gur ansin a bhí an comhlacht ceirníní Copley Label lonnaithe agus is iomaí ceirnín ar luas 78rpm a tháinig uathu siúd, ina measc ceol leis an mboscadóir Joe Derrane de bhunadh Árann a bhásaigh le gairid.

Tá sé cinn déag de rianta ar fad ar an taifead seo agus meascán breá de ríleanna, poirt den uile chineál, cornphíopaí, máirseálacha agus válsa, fonn mall agus rince scioból freisin. Casann Joey an fonn mall agus an válsa ‘Eibhlí Gheal Chiúin Ní Chearbhaill’ as féin agus tugann Nathan sampla breá dá chuid fidléireachta dúinn leis an dá ríl ‘John McGrath’s’ agus ‘Miss Monaghan’. Tá an-jab go deo déanta acu ar na máirseálacha ‘O’Donnell Abu’ agus ‘The Coolin March’, ceann a bhíodh á chasadh ag an bhfidléir iomráiteach Johnny Doherty as Tír Chonaill.

Is cinnte nach mbeidh aon aiféala ort má chuireann tú an dá thaifead seo le do bhailiúchán ceoil.

Fág freagra ar 'Ceol breá croíúil le blas Múscraí agus magic boomerangs ag an Raw Bar Collective!'