Poots le ceapadh mar chomhairleoir cearta teanga ag Rialtas na hÉireann

AR SON NA CÚISE: Shéan urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go raibh socrú déanta go dtabharfadh Rialtas na Breataine an bille teanga isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart sa Dáil

Poots le ceapadh mar chomhairleoir cearta teanga ag Rialtas na hÉireann

Tá Edwin Poots le ceapadh mar chomhairleoir cearta teanga ag Rialtas na hÉireann féachaint an bhféadfadh sé an bille teanga a bhfuiltear ag fanacht air le deich mbliana a bhrostú.

Tá an Pútsach ina cause célèbre ag lucht cearta teanga ar fud an domhain faoi láthair mar gur éirigh leis reachtaíocht Ghaeilge a chinntiú don Tuaisceart agus gan aige ach 20 lá chun an beart a dhéanamh.

15 bliain a bhíothas ag fanacht ar an reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh nó gur thug an Pútsach faoin obair le teann díocais agus dóchais.

‘Míorúilt an Phútsaigh’ atá á tabhairt ag sochtheangeolaithe aitheanta agus neamhaitheanta ar ghaisce iarcheannaire an DUP.

Bhain ‘Míorúilt an Phútsaigh’ stangadh chomh mór sin as polaiteoirí ó dheas den teorainn gur cosúil go bhfuil sé fostaithe anois chun a chuid draíochta a imirt ar chás an bhille teanga a gealladh den chéad uair in 2011.

“Más féidir le haon duine é a dhéanamh sé an Pútsach é. Féach chomh neamheaglach is a bhí sé in Stormont. Níor stop an cáineadh frithGhaelach agus an tarcaisne go léir é. Vótáil a dhream féin ina choinne agus ní dhearna sé ach an dá mhéar a thabhairt dóibh. Ní fhéadfaí é a chur dá bhuille,” a dúirt foinse rialtais amháin le Ar Son na Cúise.

Dúirt an fhoinse rialtais nár thuig sé féin cad chuige an clampar go léir faoi chearta teanga ná cén fáth go raibh oiread sin cur i gcoinne an Phútsaigh ann in Stormont.

“Tá Acht Teanga againne ó bhí 2004 ann agus ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh agus a rinne muide – é a thabhairt isteach agus neamhaird ar fad a dhéanamh de ina dhiaidh sin,” a dúirt an fhoinse Rialtais.

Shéan urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go raibh socrú déanta go dtabharfadh Rialtas na Breataine an bille teanga isteach in Westminster mura n-éireoidh leis an Aire Jackeen Chambers an beart a dhéanamh faoi mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt urlabhraí Edwin Poots nach raibh sé ar fáil le haghaidh agallaimh mar go raibh scagadh á dhéanamh aige ar 3,021 leasú atá molta ag Aengus Ó Snodaigh agus Sinn Féin ar an mbille.

“Tá sé suaite ach níl sé buailte,” a dúirt urlabhraí an Phútsaigh.

Fág freagra ar 'Poots le ceapadh mar chomhairleoir cearta teanga ag Rialtas na hÉireann'

  • Breathnóir1

    Lol. Eh … gabh mo leithscéal – ´Gáire os ard´ a bhí i gceist agam.
    Dála an scéil, is breá liom Ar son na Cúise. Níos mó de, le bhur dtoil.

  • Pádraig O'hEipicín

    Go han-mhaith.

  • An Teanga Bheo

    Ag Rialtas na hÉireann agus cén Teanga ?

  • Des O Murchu

    PUS in Poots!

  • Pádraig O'hEipicín

    Níos mo agus níos minic. Lé bhfur dthoil.

  • Cluain Sceach

    Gá le hábhar úr um a dtaca seo?

  • Des O Murchu

    Puss in Poots!

  • Caoimhín Ó Tuathaigh

    Ní thuigim aon duine leis an méid sin fuath ina gcroí. Is olc an rud é an seicteachas, agus tá an bhróin orm go bhfuil a leithéid fós ann san 21ú aois. Táim ag súil go mór leis an lá inar mbeidim aontaithe leis na sé contae arís! Beidh an lá sin ag teacht chugainn go han luath is dócha!