Polasaí oideachais nua don Ghaeltacht le dul os comhair an Rialtais

Deir an tAire Oideachais nua go raibh an polasaí oideachais Gaeltachta i gceist sa gheallúint i dtaobh na Gaeilge i gClár an Rialtais

21/04/2016. Search Optics - 100 New Jobs. Fine Gael Minister for Jobs Enterprise and Skills Richard Bruton speaking at the offices of Search Optics where they have a their European, Middle Eastern and African (EMEA) HQ in Dublin. Search Optics is estblished in markets such as North and South America and Austrailia and plans to create more than 100 jobs in Dublin over the next two years. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
An tAire Oideachais Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá an gheallúint a tugadh i gClár an Rialtais nua maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge bunaithe ar an dtuiscint go dtabharfar chun críche, agus go gcuirfear i bhfeidhm, polasaí oideachais nua don Ghaeltacht.

Ba é an tAire Oideachais nua Richard Bruton a thug an méid sin le fios agus ceist Dála á freagairt aige faoina bhfuil i ndán do na moltaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh bliain ó shin.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail, ach bhíothas buartha le tamall toisc nach raibh an polasaí nua féin foilsithe mar a bhí geallta.

Cuirfear fáilte mar sin roimh an scéal go bhfuil an tAire Bruton ag súil go bpléifidh an Rialtas dréacht den pholasaí sna seachtainí beaga amach romhainn.

“I am awaiting the draft policy document and will consider it along with my colleagues in Government before it can be approved. I expect that this will happen in the coming weeks before our summer recess,” a dúirt Bruton.

Dúirt an tAire go raibh an polasaí nua ina dhlúthchuid d’obair a Roinne ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go raibh na moltaí oideachais i gceist chomh maith sa gheallúint a tugadh i gClár an Rialtais nua maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge.

“The Programme for Government contains a commitment to strengthen support for the Irish language. This commitment was made in anticipation of the finalisation and thereafter the implementation of the Gaeltacht Education policy,” a dúirt Bruton.

Ba í an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin a chuir ceist ar an Aire Oideachais faoin dréachtpholasaí oideachais.

Fág freagra ar 'Polasaí oideachais nua don Ghaeltacht le dul os comhair an Rialtais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Dea scéal é sin.

  • Manus

    I gcead don iriseoir a scríobh an t-alt. Cé go dteastaíonn curaclam nua Ghaeilge do scoileanna sa Ghaeltacht (agus dos na Gaelscoileanna freisin) bhí i bhfad níos mó i gceist sna moltaí ná aghaidh a thabhairt “ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail”. Mura dtugann an polasaí dúshlán dáiríre do bhrú an Bhéarla atá ag méadú gach lá i gclósanna scoile agus i seomra múinteoirí fud fad na Gaeltachta déan dearmad ar todhchaí don teanga sna ceantracha “ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail”.