Polaiteoirí sinsearacha Meiriceánacha de bhunadh na Gaeltachta le labhairt i dTeach Laighean

Tá sé fógartha go bhfuil cuireadh tugtha d’iarmhéara Boston, Marty Walsh, agus don fheisire Richie Neal labhairt mar chuid de chomóradh 100 bliain an tSeanaid

Polaiteoirí sinsearacha Meiriceánacha de bhunadh na Gaeltachta le labhairt i dTeach Laighean

Richie Neal agus Marty Walsh

Tá beirt de na polaiteoirí is sinsearaí i Rialtas Mheiriceá, ar de bhunadh Ghaeltacht na Gaillimhe agus Chiarraí iad, le labhairt i dTithe an Oireachtais mar chuid de chomóradh céad bliain an tSeanaid.

Tá sé fógartha go bhfuil cuirí tugtha d’iarmhéara Boston, Marty Walsh, agus don fheisire Richie Neal chun labhairt sa Seanad sna seachtainí amach romhainn.

Tá Walsh, a bhfuil nasc láidir aige le Gaeltacht Chonamara, anois ina Rúnaí Saothair ag Rialtas Mheiriceá. Cheap an tUachtarán Joe Biden sa ról sin é anuraidh. Bhí Walsh ocht mbliana ina mhéara ar Boston roimhe sin.

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc.

 

De bhunadh Chorca Dhuibhne iad muintir Richie Neal. Tá an feisire ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Bealaí agus Modhanna i gComhdháil na Stáit Aontaithe.

Is é Cathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Mark Daly, a thug cuireadh do Walsh agus do Neal labhairt i dTeach Laighean.

Tá tugtha le fios fag Daly go bhfuil sé ar intinn aige cuireadh chun an tSeanaid a thabhairt chomh maith don Tiarna Halla [John McFall], an Spéicéir i dTeach na dTiarnaí agus iar-aire sóisearach in Oifig Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Polaiteoirí sinsearacha Meiriceánacha de bhunadh na Gaeltachta le labhairt i dTeach Laighean'