Podchraoladh Gaeilge tarraingteach agus suimiúil faoi bheith i do mháthair

Is deas an cur chuige neamhfhoirmiúil, sócúil atá ag Méabh Nic Alastair agus Milène Fegan ar a bpodchraoladh nua ‘Bantracht’

Podchraoladh Gaeilge tarraingteach agus suimiúil faoi bheith i do mháthair

Cuir na cluasáin isteach is bí ag éisteacht le Bantracht, clár agus podchraoladh nua ó Raidió Fáilte ina bpléitear saol clainne agus cúrsaí máithreachais ar bhealach fáiltiúil, spraíúil agus ionraic. Sraith deich gclár atá i Bantracht agus é á chur i láthair ag beirt bhan mhisniúil, Méabh Nic Alastair agus Milène Fegan, ar mhaithe le  le “craic agus comhrá croíúil”.

Tugann an clár léargas nua dúinn ar an máithreachas agus ar shaol an teaghlaigh trí thaithí beirt chairde a bhfuil páistí óga acu. Craoladh an chéad chlár ar Lá na Máthar agus leanfar ar aghaidh leis gach seachtain ar feadh deich seachtaine. Is gné iontach é an podchraoladh atá ag dul leis an gclár le gur féidir éisteacht leis ag an am a fheileann duit féin is tá eipeasóid nua ar fáil le híoslódáil ó Soundcloud gach Domhnach.

Is é an uair is mó a n-éistimse le podchraoltaí ná nuair atá obair sclábhaíochta an tí le déanamh agam. Sábhálaim na cinn is deise liom chun an t-am a chaitheamh go taitneamhach an uair sin a mbíonn ualach éadaí le níocháin nó na hurláir le glanadh.

An chéad cheist a fhreagraítear sa gclár ná an bhrí atá taobh thiar de theideal an phodchraolta. Is focal é Bantracht nach raibh cloiste agam cheana, ach cuimsíonn an coincheap comhluadar agus tacaíocht idir mná.

Tacaíonn teideal an chláir leis an aidhm atá leagtha amach ag na láithreoirí – spás a chruthú inar féidir le mná teacht le chéile, a dtaithí a roinnt agus a aireachtáil go bhfuil siad mar chuid de phobal.

Is deas an cur chuige neamhfhoirmiúil, sócúil atá ag Méabh agus Milène agus iad ag caint ar ghnáthchúrsaí an tsaoil, a dtaithí féin ó lá go lá agus na ceisteanna beaga agus móra a bhíonn againn ar  fad is muid ag treabhadh linn.

Pléitear ceisteanna beaga ar an gclár ar nós róta an mhochéirí – más tusa a d’éirigh le breacadh an lae leis an bpáiste inné, cé a éireoidh inniu? Seans gur ceist mhór í sin nuair a chuimhním air.

Pléitear ceisteanna móra chomh maith ar nós tacú le forbairt teanga do pháiste agus clann á tógáil le Gaeilge nó go dátheangach. Tugann struchtúr neamhfhoirmiúil an chláir deis comhráite doimhne a dhéanamh faoi réimse leathan ábhar, idir thromchúiseach agus éadrom.

I gcaitheamh na sraithe beidh aíonna speisialta le cloisteáil, ina measc an t-amhránaí is cumadóir Bernadette Morris, an craoltóir Caoimhe Ní Chathail, agus an múinteoir ióga Nuala Ní Scolláin. Cuireann na haíonna dearcthaí difriúla leis an gcomhrá, ag roinnt a dtaithí féin ar shaol an teaghlaigh.

Tá cur chuige álainn ag Méabh agus Milène i leith an chomhrá, rud a fhágann go n-airíonn sé go bhfuil fáilteach isteach romhainn go léir chun taitneamh a bhaint as.

Is é an cur chuige seo agus toilteanas na mban a dtaithí féin a roinnt a fhágann go seasann sé amach ó phodchraoltaí eile ar an ábhar céanna.

Is podchraoladh tarraingteach agus suimiúil é Bantracht a mheallfaidh tuismitheoirí agus aon duine ar spéis leo cúrsaí tuismitheoireachta agus máithreachais.

Pléann siad an lúcháir agus na dúshláin a bhaineann leis an tuismitheoireacht ar bhealach macánta daonna. Ceann deas don seinnliosta is tú ag fútráil thart ag déanamh jabanna beaga an tí.

Fág freagra ar 'Podchraoladh Gaeilge tarraingteach agus suimiúil faoi bheith i do mháthair'