Tuairim agus deich lá sular imir Gaillimh agus Co. na Mí in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2001, chuir Liam Horan, comhfhreagraí CLG an Irish Irish Independent ag an am, glaoch orm ar thóir treorach.
“Seo an tríú huair le ceithre bliana ag Gaillimh sa mbabhta ceannais” a deir Liam. “Tá an gort treafa go maith san achar sin agus an céachta ag éirí maol. Measann tú cén áit a mba chóir dom m’aghaidh a thabhairt agus mé sa tóir ar leagan nua eicínt den scéal?”
“Glac an chomhairle a thugtaí do Mheiriceánaigh óga ag deireadh na 19ú haoise” a deirimse leis . “Cén chomhairle í sin ?” a d’fhiafraigh Ó hÓráin.
“Tabhair t’aghaidh siar, a ógánaigh”, a dúirt mé, “chomh fada siar agus atá ann, go mbuailfidh tú leis an lucht peile is dílse agus is Gaelaí dá bhfuil ann – pobal Árann na Naomh. Sin an áit a mbeidh do ‘scúp’ agus do ‘scéal daonna’ ar fáil”.
Trí lá ina dhiaidh sin fuair mé glaoch buíochais ón tuairisceoir a raibh cúpla lá caite aige ar na hoileáin, áit a raibh sé faoi dhraíocht acu siúd a chas dó, idir lucht leanta, imreoirí agus oifigigh chlub; é faoi iontas ag an dua a bhain leis an tseirbhís a thugadar do na cluichí ab ansa leo.
Imreoirí a mb’éigin dóibh taisteal go tír mhór ag chuile chluiche mar nach raibh aon pháirc ar na hOileáin ag an am; a raibh ar roinnt acu Inis Oirr a fhágáil le moch maidne, dul as sin go hInis Meáin agus as sin go hInis Mór sula dtabharfadh siad aghaidh ar Ros a’ Mhíl agus as sin chuig pé páirc ar fud chontae na Gaillimhe a raibh a dtriall.
Agus an t-aistear céanna ar ais rompu abhaile tráthnóna.
Chas sé ar Mhícheál Ó Goill as Cill Rónáin, fear nach ligeann aon chluiche de chuid na Gaillimhe thairis i bpeil ná in iománaíocht.
I bhfad sular tharraing ‘Arm Jack Charlton’ cáil orthu féin sna nóchaidí, ba nós le Mícheál agus buíon dá chomhoileánaigh eitilt speisialta de chuid Aer Árann a chur in áirithe lena dtabhairt chuig mórchluichí na linne.
Bhí siad i Luimneach nuair a bhuaigh Gaillimh ar Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais na Sraithe Náisiúnta Iomána i 1975 agus dhá scór bliain ina dhiaidh sin, nach mór, bíonn siad i láthair ag gach cluiche craoibhe i gConnachta agus i bPáirc an Chrócaigh ina mbíonn peileadóirí nó iománaithe an chontae san iomaíocht.
Bhuail an tuairisceoir freisin le duine de mhórlaochra peile Inis Mór, Maidhcí Ó hIarnáin as Cill Mhuirbhigh. Bhí neart peile ar an oileán nuair a bhí Maidhcí ag éirí aníos ach ní raibh aon fhoireann eagraithe.
Bhí an t-ádh air, mar sin, gur thug a chuid oibre go cathair na Gaillimhe é agus níos mó den ádh ar Chumann an Athar Uí Ghríofa nuair a chuaigh sé leo agus nuair a bhuaigh siad cúpla craobh sinsear peile de chuid an chontae.
Ní hé Maidhcí an t-aon duine as Cill Mhuirbhigh a bhfuil scéal le n-inseacht ina thaobh agus cúrsaí peile i nGaillimh sna seascaidí agus sna seachtóidí faoi thrácht.
Ba as siúd freisin mo dhlúthchara Seán Ó Conghaile. Bhí Seán in aon rang agus in aon lóistín le Enda Colleran, captaen na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad péire den ‘Trí Chraobh as a Chéile’ agus iad beirt ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe.
Bhíodar ar an bhfoireann chéanna freisin nuair a bhuaigh Dámh na nDán an tsraithchomórtas inmheánach sa gcoláiste sin. D’imir an Conghaileach chomh maith sa gcluiche ceannais gur fhiafraigh an té a bhí i gceannas na peile san ollscoil, Pádraig Mac Diarmada do Colleran, “Cén fáth nach bhfuil an fear sin ar fhoireann Sigerson againn?”.
Freagra simplí go leor a thug Enda ar an gceist.
“Mar gurb é captaen rugbaí na hollscoile agus go bhfágann an ‘Ban’ nach mbeadh cead imeartha aige!”
Roinn Seán a chuid saineolais ar an gcluiche sin go minic le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 ina dhiaidh sin, nó gur sciob an bás uainn gan choinne é taca an ama seo trí bliana ó shin, go ndéana Dia trócaire air.
Sa mbliain 1976 a thosaigh foireann as Árainn ag iomaíocht i gcomórtais na Gaillimhe den chéad uair – ceithre bliana dar gcionn bhuaigh siad Craobh Shóisear Chomórtais Peile na Gaeltachta i nGaillimh agus sheas an fód sa gComórtas Náisiúnta ar an bhFairche.
Tá clann cuid de na daoine a shaothraigh an uair sin ar fhoirne an lae inniu; Cian agus Stiofán Ó hIarnáin, cuir i gcás, ar imir a n-aithreacha Pádraig agus Máirtín ar na chéad fhoirne, chomh maith le Máirtín Mhaggie Seoige, ar imir a athair fhéin, Micheál.
Athrú eile, ar ndóigh, go bhfuil peileadóirí as na trí oileán ag imirt d’Árainn inniu agus iad ag saothrú i Roinn 3 de Shraith Peile na Gaillimhe, áit a bhfuil foirne sinsearacha Bhearna agus Mhicheál Breathnach ina gcéilí comhraic acu.
Ní haon iontas inniu ach oiread imreoirí as Árainn a fheiceáil i ngeansaí na Gaillimhe. D’imir a gcaptaen Peadar Éanna Seoighe as Inis Oirr i Sraith FBD na bliana seo agus bhí Ciarán Ó Domhnaill ar an bhfoireann faoi 21.
An deireadh seachtaine seo, tá an fhoireann ar a mbeidh Ciarán agus Peadar Éanna le leathanach nua a scríobh i leabhair staire pheiladóirí Árann, mar tar éis dóibh Craobh Shóisear A na Gaillimhe a bhuachan coicís ó shin, beidh siad páirteach i gCraobh Chonnacht den chéad uair ar an Satharn beag seo, nuair a imreoidh siad féin agus Gaeil na hAbhann Móire as Sligeach in aghaidh a chéile i mbabhta leathcheannais sóisear ar Pháirc Markievicz.
Mar a tharla nuair a bhuaigh siad ar Anach Cuain i gcluiche ceannais na Gaillimhe, beidh bratach ghlas na nÁrannach ar foluain agam ag ceann an bhóithrín an lá sin – mar omós dóibhsean agus freisin don dream dar díobh iad.
Leithéidí Mhichíl Uí Ghoill, Mhaidhcí Uí Iarnáin, Arthur Uí Fhlatharta, a chasann orm maidneacha Satharn agus Domhnaigh, samhradh agus geimhreadh, ag tabhairt peileadóirí óga an oileáin fud fad na Gaillimhe.
Agus i gcuimhne ar mo chara dílis Seán, a mbeadh oiread práinne aige as a ngaisce agus a bhí aige as aon Choróin Thriarach a bhuaigh Éirinn ná aon Chorn Heineken de chuid na Mumhan.