Pleananna teanga faofa agus maoiniú ceadaithe do na chéad ‘Ghréasáin Ghaeilge’

Labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht oifigiúil is aidhm leis na Gréasáin nua a tugadh isteach mar chuid den chóras pleanála teanga

Pleananna teanga faofa agus maoiniú ceadaithe do na chéad ‘Ghréasáin Ghaeilge’

Tá na pleananna teanga faofa agus an maoiniú ceadaithe do na chéad ‘Ghréasáin Ghaeilge’.  

Trí Ghréasán atá ceadaithe faoi láthair; Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, Baile Locha Riach i gcontae an Gaillimhe agus Inis i gcontae an Chláir. 

Labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht oifigiúil is aidhm leis na Gréasáin nua a tugadh isteach mar chuid den chóras pleanála teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne féin a d’fhógair scéal fhaomhadh phleananna na nGréasán.

Chomh maith leis sin tugadh le fios gur €100,000 nó €80,000 sa bhliain a bheidh ar fáil do na ‘Bailte Seirbhíse Gaeltachta’. €100,000 a bheidh ar fáil do lucht pleanála teanga chathair na Gaillimhe agus chathair Chorcaí agus €80,000 sa bhliain a gheobhaidh lucht na pleanála teanga i Leitir Ceanainn, i gCaisleán an Bharraigh, sa Daingean agus i dTrá Lí.

Bailte agus cathracha iad seo atá suite le hais na Gaeltachta agus a chuireann seirbhísí poiblí, trádála agus sóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Gaeilge Locha Riach, Muintir Chrónáin, agus An Clár as Gaeilge Teo a bheidh freagrach as na pleananna sna Gréasáin Ghaeilge. seo a chur i bhfeidhm ina mbailte féin.

Fág freagra ar 'Pleananna teanga faofa agus maoiniú ceadaithe do na chéad ‘Ghréasáin Ghaeilge’'