Pleananna gnímh ullmhaithe in am ag beagnach gach scoil atá ag lorg aitheantas ‘scoil Ghaeltachta’

Ach a bpleananna gnímh a bheith faofa ag an Roinn, íocfar deontas €1,000 go luath leis na scoileanna atá ag glacadh páirte sa scéim chun ábhar teagaisc don Ghaeilge a cheannach

Pleananna gnímh ullmhaithe in am ag beagnach gach scoil atá ag lorg aitheantas ‘scoil Ghaeltachta’

Tá a bplean gnímh do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais ag mórán gach ceann den 133 scoil a chinn go gcuirfidís an polasaí nua i bhfeidhm.

Ba é an 31 Eanáir an spriocdháta ag an 106 bunscoil agus 27 iarbhunscoil Gaeltachta chun a bpleananna gnímh a chur faoi bhráid na Roinne. Ba é ullmhú na bpleananna gnímh seo an chéad chéim chun cáiliú mar scoil Ghaeltachta faoi Pholasaí Oideachais na Gaeltachta. Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie nár chloígh “dornán beag” den 133 scoil leis an spriocdháta ach go raibh na scoileanna sin i dteagmháil leis an Roinn chun “síneadh beag ama” a lorg “to cope with localised delays”.

Beidh deis ag an 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin nár léirigh spéis i scéim aitheantais Ghaeltachta na Roinne cur isteach arís uirthi roimh dheireadh an earraigh, ach tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil athrú intinne tagtha ar fhormhór na scoileanna sin faoi chur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta.

Ach a bpleananna gnímh a bheith faofa ag an Roinn, íocfar deontas €1,000 go luath leis na scoileanna atá ag glacadh páirte sa scéim chun ábhar teagaisc don Ghaeilge a cheannach.

Cuirfear uaireanta breise múinteoireachta ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge chomh maith do na scoileanna a mbeidh an polasaí nua á chur i bhfeidhm acu in 2018/19. Deir an Roinn gurb ionann na huaireanta teagaisc breise seo agus 40 múinteoir breise a bheith ar fáil do scoileanna Gaeltachta – 30 múinteoir don 106 bunscoil agus 10 múinteoir don 27 iarbhunscoil.

Mhaígh an tAire Oideachais Richard Bruton an bhliain seo caite go mbeeadh €2.3 milliún ar fáil don Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn, méadú ar an €1 milliún a cuireadh ar fáil don pholasaí anuraidh.

Cuirfear an maoiniú ar fáil ar shlite éagsúla do na scoileanna a chuir isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoin bpolasaí nua ar cuireadh tús leis an bhliain seo caite.

 

Fág freagra ar 'Pleananna gnímh ullmhaithe in am ag beagnach gach scoil atá ag lorg aitheantas ‘scoil Ghaeltachta’'

  • Ruairí

    Dá mbeadh “plean gnímh” ann chun na páistí agus na déagóirí go háirid a chur ag Gaeilgeoireacht i gclósanna scoile na nGaeltachtaí bheadh tuar dóchais againn. Beifear ag ticeáil boscaí chun an 1000 Euro a fháil ach go dtí go mbeidh clósanna scoile Chonamara lán le Gaeilge, rud nach bhfuil, ní bheidh sa bpolasaí oideachas don Ghaeltacht ach cur amú ama agus tuilleadh den chur i gcéill.