Plean teanga ceadaithe do Ghaeltacht na nDéise

Maoiniú €100,000 thar thréimhse bliana a bheidh á chur ar fáil do Chomhlucht Forbartha na nDéise chun tús a chur le feidhmiú an phlean, an ceathrú plean teanga atá ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh

Plean teanga ceadaithe do Ghaeltacht na nDéise

Tá plean teanga Ghaeltacht na nDéise ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, an ceathrú plean atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ar cuireadh tús leis in 2014.

Fágann sé seo go mbeidh feidhmiú an phlean teanga i nGaeltacht na nDéise ag tosú gan mhoill. Beidh Údarás na Gaeltachta i dteagmháil go luath leis an gceanneagraíocht pleanála teanga chun tús a chur le feidhmiú an phlean.

Maoiniú €100,000 thar thréimhse bliana a bheidh á chur ar fáil do Chomhlucht Forbartha na nDéise chun tús a chur le feidhmiú an phlean.  Tá pá d’Oifigeach Pleanála Teanga san áireamh sa mhaoiniú sin.

“Le ceadú an phlean seo tá tús curtha leis an gcéim is tábhachtaí den phróiseas mar a bhaineann sé le Gaeltacht na nDéise, is é sin cur i bhfeidhm an phlean teanga ina bhfuil na riachtanais mar a aithnítear iad go háitiúil leagtha amach ann.

“Leis an allúntas airgid ar fiú suas le €100,000 é don cheantar, beidh Comhlucht Forbartha na nDéise i gcomhar le pobal na nDéise in ann tosú anois ar fheidhmiú an phlean agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge le cúnamh leanúnach mo Roinne, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Thréaslaigh an tAire McHugh a chuid oibre le Comhlucht Forbartha na nDéise agus mhol sé “dúthracht” agus “fuinneamh” an chomlachta.

Dúirt an tAire McHugh go mbeadh sé féin, oifigigh Roinn na Gaeltachta agus oifigigh Údarás na Gaeltachta “ag oibriú as lámha a chéile” le muintir Ghaeltacht Phort Láirge  “chun a bplean a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a chur ar bhonn níos láidre i nGaeltacht na nDéise”.

Trí cinn de phleananna teanga atá ceadaithe agus seolta roimhe seo: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Tá díospóireacht ar bun le tamall faoin maoiniú atá á cheadú don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá amhras ann faoin bpróiseas ó dhiúltaigh Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana a bhí á lorg agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana agus bhí sé i gceist ag Coiste stiúrtha Fhóram Chois Fharraige go molfaí an eagraíocht a scor mura bhfaigheadh siad tairiscint ar mhaoiniú breise.

I mí na Nollag seo caite, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina raibh an córas pleanála teanga.

De réir fhógra na Roinne thabharfaí maoiniú breise do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara. Sa bhreis air sin, thug an Roinn le fios d’Fhóram Chois Fharraige go bhfógrófaí go luath in 2018 beartais eile chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga.

Is mar gheall nach bhfuil na beartais sin fógartha go fóill a chuir Fóram Chois Fharraige siar a gcinneadh cé acu ar cheart glacadh le tairiscint ar mhaoiniú breise agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú sin agus an Fóram a scor.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite nach bhfuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2018 ach leath an méid airgid breise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

De réir na haighneachta réamhbhuiséid a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi bhráid na Roinne Aigeadais i bhfómhar na bliana seo caite, €5 mhilliún breise a theastaigh chun a spriocanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach.

€2.5 milliún breise a ceadaíodh do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018.

€1.75 milliún breise a bhí ag teastáil ón Roinn le caitheamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. €1.4 milliún a ceadaíodh dóibh sa bhuiséad le caitheamh i réimse na pleanála teanga.

Fág freagra ar 'Plean teanga ceadaithe do Ghaeltacht na nDéise'

  • Niall Ó Flaithbheartaigh

    Ba mhaith an rud é a bhfuil leagtha amach sa phlean a chur in iúil dúinn san alt seo.