Plean Maireachtála le Covid-19 le seoladh ag an Rialtas 

Athoscailt scoileanna an cúram is mó a bheidh sna chéad chéimeanna de phlean an Rialtais a sheolfar inniu

Plean Maireachtála le Covid-19 le seoladh ag an Rialtas 

Seolfaidh an Rialtas inniu an plean nua le maireachtáil agus an Covid-19 sa tír. Thug an fochoiste rialtais atá ag plé leis an bpaindéim a mbeannacht don phlean aréir agus déanfaidh an Rialtas amhlaidh inniu.

Meastar go gcuirfear aon scaoileadh ar fhormhór shrianta Leibhéal 5 ar athlá go dtí tús an Aibreáin ar a luaithe. 

B’éigean an plean paindéime a bhí ag an Rialtas a athrú de bharr a dhéine a bhí an tríú ráig den víreas, cineálacha nua den víreas a bheith ag scaipeadh agus clár náisiúnta vacsaínithe a bheith ar bun. 

Scoileanna a athoscailt an cúram is práinní a bheidh le déanamh sna chéad chéimeanna den phlean. Táthar ag súil go bhféadfaidh daltaí Ardteiste agus an chéad cheithre rang bunscoile  filleadh ar na seomraí ranga an chead lá Márta. Ar an 15 Márta a fhillfidh an chuid eile de na ranganna bunscoile agus bliain a cúig na hiarbhunscoile. An 12 Aibreán a fhillfeadh daltaí eile na n-iarbhunscoileanna.

D’fhéadfadh go ligfí do roinnt tograí tógála eile dul ar ais i mbun oibre an mhí seo chugainn ach ní dóigh go mbeidh cead oibre ag an earnáil sin ar fad go dtí mí an Aibreáin. 

Leanfar leis an gcosc ar chuairteanna ar chomhluadair eile go dtí an Bhealtaine agus níl aon chaint ann go luafar aon dáta cinnte faoina mbeidh cead ag daoine dul ag cuartaíocht nó ag bothántaíocht ar chairde is gaolta. 

Níltear ag súil ach oiread go gcuirfear dáta cinnte le hathoscailt siopaí nach bhfuil riachtanach ná earnáil an fháilteachais. 

Cuirfear béim sa bplean nua seo ar a thábhachtaí atá an clár vacsaínithe leis an saol sa tír seo a athoscailt arís. Tá súil ag an Rialtas a bheith in ann suas le milliún snáthaid sa mí a thabhairt do dhaoine faoin Aibreán, rud a d’fhágfadh go mbeadh an vacsaín faighte ag gach duine a bhfuil a sláinte leochaileach nó atá os cionn 70 bliain d’aois faoi lár mhí na Bealtaine. 

Ar an taobh eile de Mhuir Éireann, tá plean fógartha ag Boris Johnson le Sasana a athoscailt. Ceithre chéim atá sa bplean sin agus súil aige go mbeidh na srianta ar fad scaoilte faoin 21 Meitheamh.  

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

686 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte.

726 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 156 acusan in ICU.

Dé hAoine seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 214,384 duine agus an dara dáileog faighte ag 126,320 duine.

31 de na cásanna nua Covid-19 a bhain le Dún na nGall, 23 cás a bhain le contae na Mí agus 21 cás a bhain leis an nGaillimh.

Bhí 19 cás i Maigh Eo agus 19 cás freisin a bhí i gCorcaigh. 15 cás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí.

Meánráta coicíse 240 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair. 

Tá an tríú ráta is airde sa stát i nGaillimh (327), Baile Átha Cliath Thiar (437) agus Uíbh Fhailí (336).

Tá an ráta is ísle sa stát i gCiarraí (50) agus an dara ráta is ísle i gCorcaigh (95).

Ráta 271 atá i bPort Láirge, 258 atá i Maigh Eo, 241 atá i gcontae na Mí agus 165 atá i nDún na nGall.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. 

Deimhníodh 187 cás nua den ghalar ansin inné. 339 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 41 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 488,826 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin Domhnach seo caite, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 458,030 duine agus na dara ceann faighte ag 30,796.

6,173 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,036 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,137 duine ó dheas di.

326,909 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 215,743 cás ó dheas den teorainn agus 111,166 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Plean Maireachtála le Covid-19 le seoladh ag an Rialtas '