Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur faoi bhráid an Rialtais an mhí seo chugainn

I measc na mbeartas a bheidh sa phlean cúig bliana beidh beartais nua i dtaobh chóras réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta

Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur faoi bhráid an Rialtais an mhí seo chugainn

Cuirfear Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge faoi bhráid an Rialtais ar an 12 Meitheamh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an méid sin le fios sa Dáil tráthnóna agus ceist á freagairt thar ceann an Taoisigh aige.

Tá cáineadh géar á dhéanamh ag polaiteoirí an fhreasúra ar an Rialtas le tamall mar gheall ar an moill le foilsiú an phlean arbh í mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh leis.

Plean tras-rannach atá i gceist leis an bplean gníomhaíochta nua agus tuigtear gur bhain cuid den mhoill le bheith ag fanacht ar ranna áirithe a gcodanna féin den phlean a aontú.

Tuigtear do Tuairisc.ie go gcuirfear an plean nua faoi bhráid Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain ach beannacht an Rialtais a bheith faighte aige. Foilseofar an plean go gairid ina dhiaidh sin.

Ba í an Teachta Dála Catherine Connolly a cheistigh an Taoiseach sa Dáil inniu faoin bplean gníomhaíochta.

Ghabh Aire Stáit na Gaeltachta buíochas leis an Teachta Dála as an mbrú atá curtha aici air mar gheall ar cheist an phlean.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí is mó a bhí Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoin bplean nua agus gurb iad an dá roinn sin is tábhachtaí sa phlean nua.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios cheana go mbeidh beartais nua sa phlean maidir le córas réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Tá sé i gceist go mbeidh bearta faoi leith san áireamh ann a bheidh chun sochair an chórais luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar bhonn náisiúnta,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Thug iar-aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne le fios ag tús na bliana seo caite go mbeadh an plean gníomhaíochta bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge in earrach na bliana seo caite agus dúradh go gcuirfí tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an plean gníomhaíochta á dhréachtú.

Tá easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise luaite go coitianta sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Bhí an tuairisc sin bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta, agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscíodh i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugadh le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

Maíodh chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Moladh sa tuarascáil go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moladh chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Fág freagra ar 'Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur faoi bhráid an Rialtais an mhí seo chugainn'