Bhí an Roinn Oideachais ar tí trialacha caighdeánacha Béarla a thabhairt isteach do dhaltaí dara leibhéal, bliain sula gcuirfí na trialacha caighdeánacha céanna ar fáil i nGaeilge.
Bhí sé i gceist ag an Roinn na tástálacha Béarla a thabhairt isteach bliain níos túisce ná na tástálacha Gaeilge fiú i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.
Tháinig an méid seo chun solais i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2015, ar foilsíodh ar maidin í.
Cé go bhfáiltíonn an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ina thuarascáil roimh na moltaí oideachais don Ghaeltacht a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais anuraidh, tá cur síos aige chomh maith ar imscrúdú ar cuireadh tús leis anuraidh toisc amhras a bheith ann go raibh a ndualgas reachtúla teanga á sárú ag an Roinn.
Ar deireadh thiar, d’éirigh an Coimisinéir as a imscrúdú nuair a dheimhnigh an Roinn Oideachais agus Scileanna dó nach rabhthas chun na trialacha caighdeánacha a thabhairt isteach in aon chor, i mBéarla ná i nGaeilge.
Tógadh an cinneadh na trialacha a chaitheamh i dtraipisí i bhfianaise mholtaí Thuarascáil Travers a foilsíodh mar chuid den phlé idir lucht ceardchumainn agus an Roinn faoi athchóiriú na Sraithe Sóisearaí.
Thug an Coimisinéir le fios don Roinn nárbh ionann a chinneadh an t-imscrúdú a scor agus géilleadh do sheasamh na Roinne maidir leis an gceist seo. Dúradh leis an Roinn “go bhféadfaí glacadh leis go rachadh Oifig an Choimisinéara i mbun imscrúdú athuair dá gcinnfí amach anseo na trialacha caighdeánacha a dhéanamh agus an leagan Béarla a thionscnamh níos túisce ná an leagan Gaeilge”.
padraig
Bhfuil aon teora le teanntas maslach na Roinne Orwellian seo agus an dtiocfaidh deireadh go deo leis? Nach umhal tlaith gan ghus ataimid, raite go gcuirimd suas le cos-ar-bolg siorai seasta ón Taliban seo agus einne chun a ndushlain a thabhairt?Straois gach duine saite ina Iphone (.i. i bpoll a thona), sin e agat anois e.