Pléadálann iardhlíodóir Trump ciontach as bréaga a insint do Theach na Comhdhála chun an tUachtarán ‘a chosaint’

Chuir Donald Trump ar ceal tráthnóna dhá chruinniú a bhí socraithe aige san Airgintín le ceannaire eile de chuid an G20 agus é faoi bhrú mór ag fiosrúchán Mueller faoin mbaint a bhí ag an Rúis le toghchán 2016

Pléadálann iardhlíodóir Trump ciontach as bréaga a insint do Theach na Comhdhála chun an tUachtarán ‘a chosaint’

Tá admhaithe ag iardhlíodóir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh sé i mbun idirbheartaíochta maidir le ‘Trump Tower’ a thógáil  i Moscó agus toghchán uachtaránachta 2016 tamall maith faoi lán seoil.

D’admhaigh Michael Cohen inniu gur lean Trump lena phlean an túr a fhorbairt i bpríomhchathair na Rúise agus roinnt míonna caite sa bhfeachtas uachtaránachta, fianaise a thagann salach ar leagan an Uachtaráin féin den scéal.

Phléadáil Cohen ciontach as bréaga a insint do Theach na Comhdhála faoin bplean do Trump Tower i Moscó. Dúirt sé gur thug sé ráitis bhréige le cur as don bhfiosrúchán faoi cheangal fheachtas Trump leis an Rúis agus chun Trump féin a chosaint.

Donald Trump

Thug Robert Mueller, an té atá i bhfeighil an fhiosrúcháin, le fios go ndúirt Cohen gur inis sé bréaga le “léargas mícheart” a thabhairt faoi phlean Trump do Mhoscó agus chun tabhairt le fios gur cuireadh deireadh leis an bplean roimh chácas Iowa, an chéad mhórchoimhlint i réamhthoghchán uachtaránachta 2016.

Dúirt an tUachtarán Trump tráthnóna gur duine “lag” agus “sách dúr” a bhí i Cohen agus gurb amhlaidh go raibh sé ag insint bréige chun go rachfaí níos boige air i dtaobh coireanna eile a bhí déanta aige.

Dúirt Cohen go rabhthas fós i mbun idirbheartaíochta faoin bplean don túr i Moscó i Meitheamh 2016, tráth arbh léir gurbh ag Trump a bheadh ainmniúchán na bPoblachtánach don toghchán. Roimhe seo, mhaígh Cohen gur i mí Eanáir 2016 a cuireadh deireadh leis an bplean do Mhoscó, rud a thacaigh le maíomh Trump nach raibh aon cheangal gnó leis an Rúis aige le linn fheachtas na huachtaránachta.

Chuir Trump ar ceal tráthnóna dhá chruinniú a bhí socraithe aige san Airgintín le ceannaire eile de chuid an G20.

Fág freagra ar 'Pléadálann iardhlíodóir Trump ciontach as bréaga a insint do Theach na Comhdhála chun an tUachtarán ‘a chosaint’'